Tá iarbhainisteoir fhoireann pheile Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, roghnaithe ag Fianna Fáil le bheith ina n-iarrthóir sa toghchán uachtaránachta.
Caitheadh 41 vóta ar son Jim Gavin agus caitheadh 29 vóta ar son an Fheisire Eorpaigh, Billy Kelleher.
B'é an tUasal Gavin an t-iarrthóir ar thug ceannaire an pháirtí, an Taoiseach Micheál Martin, a thacaíocht dó roimh an vóta. Thug na hairí sinsearacha ó Fhianna Fáil a dtacaíocht don Uasal Gavin freisin.
Bhailigh na Teachtaí Dála, na Seanadóirí agus na Feisirí Eorpacha ó Fhianna Fáil le chéile i dTeach Laighean ag 11:30am inniu agus tugadh deich mbomaite an duine don bheirt fhear chun a gcás a chur chun cinn. Chaith na hionadaithe vóta i mballóid rúnda ina dhiaidh sin.
Fógraíodh le huair a chloig anuas gur bhuaigh Jim Gavin an vóta. Ach is mór an líon vótaí a caitheadh ar son Billy Kelleher freisin, agus ceannasaíocht an pháirtí i bhfábhar an té eile a bhí san iomaíocht, ach go háirithe.

Is as Cluain Dolcáin ó dhúchas don Uasal Gavin. Bhí sé mar bhall d’Óglaigh na hÉireann roimhe seo ach is mar bhainisteoir ar fhoireann pheile Bhaile Átha Cliath is mó go mbeadh aithne ag muintir na tíre air. Bhuaigh an fhoireann sin sé Chluiche Ceannais Peile na hÉireann faoina stiúir.
Beidh go leor oibre le déanamh aige roimh lá an toghcháin lena fhís i gcomhair na huachtaránachta a chur in iúl don phobal, mar níl cúlra polaitíochta aige.
Agus é ag dul isteach sa chruinniú ar maidin, dúirt Jim Gavin go bhfuil go leor fuinnimh aige agus gur bhain sé an-sult as an gcoicís atá díreach imithe tharainn, ag dul timpeall ag labhairt le páirtí parlaiminte Fhianna Fáil.

Thug an tUasal Kelleher le fios go gcreideann sé gur chóir d'Fhianna Fáil athmhachnamh a dhéanamh ar an tslí a roghnaíonn siad iarrthóirí uachtaránachta san am atá romhainn.