skip to main content

Eagla ar Phailistínigh i gCathair Gaza agus scaoll iontu i ndiaidh do bhileoga a bheith ligthe anuas orthu ag ordú dóibh imeacht

Tá dlús tagtha le seachtain anuas ar bhuamáil na bhfoirgneamh i gCathair Gaza
Tá dlús tagtha le seachtain anuas ar bhuamáil na bhfoirgneamh i gCathair Gaza

Tá an t-uafás bileog ligthe anuas ón aer ag fórsaí Iosrael ar mhuintir Chathair Gaza, ag tabhairt ordú aslonnaithe dóibh mar, a deir siad, tá siad le léirscrios a dhéanamh ar an gcathair chun Hamas a chloí.

Thit na bileoga ar Phailistínigh, a bhí ag seasamh i smionagar na bhfoirgneamh thart timpeall orthu, atá scriosta ag Iosrael le seachtainí anuas.

Bhí milliún duine ina gcónaí i gCathair Gaza roimh an gcogadh. B'ionann sin agus leath de dhaonra an stráice ina iomláine. Tá eagla a mbáis rompu le seachtainí anuas go ndéanfar mór-ruathar orthu ó d’fhógair Iosrael ag tús na míosa seo caite go raibh siad leis an gcathair ina hiomláine a ghabháil. Tá ionsaithe á ndéanamh ar imeall na cathrach ó shin i leith, ach le laethanta anuas, tá dlús tagtha ar bhuamáil na n-ardtúr inti.

Deir Iosrael gurb í Cathair Gaza an áit dheireannach atá fágtha sa stráice go bhfuil smacht láidir ag Hamas uirthi go fóill.

Israel's Prime Minister Benjamin Netanyahu gives a press conference at the Prime minister's office in Jerusalem
"Éistigí liom go cúramach", a dúirt Príomhaire Netanyahu Iosrael, "caithfidh sibh an deis seo a thapú. Tá fainic curtha oraibh. Caithfidh sibh fágáil anois."

"Éistigí liom go cúramach", a dúirt Príomhaire Netanyahu Iosrael, "caithfidh sibh an deis seo a thapú. Tá fainic curtha oraibh. Caithfidh sibh fágáil anois."

Bhí mearbhall ar na Pailistínigh i gcroílár na cathrach agus chuir na bileoga scaoll iontu. Deir siad nach bhfuil aon áit shabháilte ar fáil dóibh. Dúirt daoine áirithe nach mbeadh aon rogha eile acu seachas an chathair a fhágáil agus dul ó dheas. Ach tuairiscítear nach daoine ag éalú en masse go fóill.

People run in the streets of Gaza City during an Israeli evacuation leaflet drop
Ligeann fórsaí Iosrael na bileoga anuas ón aer, ag cur fainic ar mhuintir Chathair
Gaza aslonnú ó dheas láithreach

"In ainneoin na mór-ionsaithe le seachtainí anuas, dhiúltaigh mé fágáil", a scríobh Um Mohammad, bean a atá 55 bliain d’aois agus a bhfuil seisiúr clainne uirthi, chuig duine muineartha léi i dtéacs. "Ach beidh orm fágáil anois."

Thug na húdaráis sláinte in Gaza le fios go ndéanfaidh siad othair a aslonnú ó na príomhospidéil i gCathair Gaza, Al Shifa agus Al Ahli.

Tá aslonnú déanta ar fhórmhór na bPailistíneach in Gaza cúpla babhta faoin tráth seo ó thús an chogaidh.

Tá 64,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza ó Dheireadh Fómhair 2023, tráth a mharaigh Hamas 1,200 duine in Iosrael. Ghabh Hamas na céadta giall freisin. Meastar go bhfuil thart ar fhiche giall fós ina mbeatha.