skip to main content

An 3ú ionsaí mailíseach tine ar chlós spraoi i mBÁC le coicís

Aréir agus inniu sa gclós spraoi i nDumhach Thrá
Aréir agus inniu sa gclós spraoi i nDumhach Thrá

Tá fiosrú ar bun ag na Gardaí faoi chuid den treallamh a scriosadh i gclós súgartha ar an taobh ó dheas den ardchathair i dtine aréir a cheaptar a lasadh go mailíseach.

Tugadh faoi deara an sleamhnán mór gasúr tré thine i gclós spraoi Pháirc Sheáin Uí Mhóra i nDumhach Thrá thart ar 9.40 aréir.

Cuireadh fios ar an mBriogáid Dóiteáin agus ar na Gardaí agus ceansaíodh an loscadh gan éinne a bheith gortaithe.

"Coirloscadh eile, an ceann is measa fós, ag loitiméirí ainrianta atá ag tabhairt an dá mhéir dá bpobal féin" a thug James Geoghegan, TD de chuid Fhine Gael i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, ar an méid a tharla.

Deir sé go mbeidh "breis is €100,000" i gceist le caoi a chur ar an suíomh.

A member of Dublin Fire Brigade at the scene of the fire

Dúirt an Teachta Geoghegan go raibh freagra gasta ag teastáil ó thaobh póilíniú pobail agus ó thaobh athchóiriú an ionaid spraoi.

"Tá an pobal seo i bhfad níos treallúsaí ná na loitiméirí" a dúirt sé.

Damage at Sean Moore Park playground in Sandymount

Deir na Gardaí gur fiosrú faoi choirloscadh atá sa tsiúl acu.

Le coicís anuas tá drochbhail fágtha freisin ag tine ar chlósanna súgartha i Leamhcán ar an taobh thiar den phríomhchathair agus i bhFionnghlas, ó thuaidh den Life.