Tá Arm Iosrael tar éis 12 a mharú thar oíche i nGaza, fiú agus Aire Rialtais ag maíomh go bhfuil Iosrael ag glacadh le téarmaí sos comhraic atá leagtha síos ag an Uachtarán Trump.
Ag labhairt i mBudapest agus é ar cuairt oifigiúil ar an Ungáir dúirt an tAire Gideon Saar go raibh Iosrael "sásta glacadh leis an margadh le deireadh a chur leis an gcogadh, margadh ina scaoilfí saor na gialla agus faoina gcuirfeadh Hamas uathu a gcuid airm".

Bhí sé ráite inné ag Uachtarán Mheiriceá go raibh margadh faoi Gaza ar na bacáin a chinnteodh fuascailt na ngiall ar fad, idir bheo agus mharbh, atá i ngéibheann i gcónaí ag Hamas.
Ó shin tá dáréag eile - agus iriseoir eile ina measc - maraithe i n-ionsaithe éagsúla ag Iosrael.

Osama Balousha an tuairisceoir a maraíodh, a fhágann breis is 250 iriseoir anois maraithe ag Iosrael, líon nár facthas aimsir cogaíochta go domhanda ó tosaíodh ag cuntas.
Palaistínigh ba ea chuile dhuine acu, tharla go bhfuil cosc curtha ag Rialtas Tel Aviv ar aon tuairisceoir ón taobh amuigh, agus deir feidhmeannaigh i nGaza go bhfuil Arm Iosrael ag díriú go sonrach ar iriseoirí.
Le 24 uair a chloig anuas tá seisear eile Palaistíneach, beirt ghasúr ina measc, caillte leis an ocras - 393 an líon iomlán anois le 2 mhí anuas.
Tá an foras idirnáisiúnta an IPC - a dhéanann aicmiú comhtháite caighdeanaithe ar chinnteacht bia - tar éis fógairt go hoifigiúil le cúpla lá anuas go bhfuil "gorta atá cruthaithe ag Iosrael" anois go tréan i nGaza agus deir Ceannasaí Cearta Daoine na Náisiún Aontaithe Volker Turk gur "tortha díreach é an gorta ar pholasaithe Rialtas Iosrael".

Tráthnóna deir an tAire Cosanta Israel Katz go bhfuil "spéirling ollmhór chun teacht sa mullach inniu ar Chathair Gaza a chuirfidh túir na sceimhle ag crith", an foláireamh deireannach do Hamas a deir sé glacadh leis an margadh atá molta ag Trump.
Deir Gluaiseacht Hamas ar ball beag go bhfuil an moladh á bhreithniú acu.
De réir fheidhmeannach sinsearach i Rialtas Iosrael moltar go sínfeadh Hamas ar lámh an 48 giall atá fós á gcoinneáil ar an gcéad lá den sos comhraic, agus go dtabharfaí faoi idirbheartaíocht ansin le deireadh a chur leis an gcogadh.
Tá sé tugtha le fios ag Hamas go gcaithfidh Arm Iosrael tarraingt siar as Gaza le go mbeidh aon socrú ann.