skip to main content

Fear (39) cúisithe le marú Chrissy Burns (40) i dteach in Achadh na Cranncha

Christopher Burns (40) a fritheadh maraithe ina theach cónaithe.
Christopher Burns (40) a fritheadh maraithe ina theach cónaithe.

Tá fear 39 bliain d'aois tar éis a bheith os comhair cúirte agus é cúisithe le dúnmharú fhear i gCo Ard Mhacha an tseachtain seo caite.

Fritheadh corp Christopher Burns, a bhí 40, i dteach in eastát tithe Cusher Green, i mbaile beag Achadh na Cranncha maidin Déardaoin seo caite.

Bhí sé gortaithe go dona sa n-éadan agus sa gcloigeann.

Tugadh Aaron McNulty, as Cusher Green freisin, os comhair Chúirt Giúistísí Iúr Cinn Trá ar maidin agus cúisíodh é le dúnmharú Chrissy Burns am éigin Dé Céadaoin nó Déardaoin seo caite.

As an bPointe i gCo an Dúin ó dhúchas é Aaron McNulty ach bhí sé ina chónaí le roinnt blianta sa teach inar fritheadh an corp.

Níor déanadh aon iarratas ar bhannaí agus cuireadh Aaron McAnulty siar faoi choinneáil le bheith os comhair cúirte arís roimh dheireadh na míosa.