Tá beirt Phalaistíneach a raibh gunnaí acu tar éis seisear a mharú ag stad bus in Oirthear Iarúsailéim in "ionsaí sceimhlitheoireachta" a deir na húdaráis, an chéad cheann dá leithéid le dhá bhliain.
Léiríonn físeán daischeamara cairr daoine ag teitheadh ón mbus a bhí páirceáilte ar thaobh na sráide agus tá físeán eile foilsithe ag taispeáinnt poill ó philéir i ngaothscáth agus i bhfuinneoga eile an bhuis.
"Gan choinne a thosaigh na piléir...rith mé agus mo chroí imo bhéal...cheap mé go raibh mé réidh" a dúirt Ester Lugasi, paisinéir a gortaíodh, in agallamh teilfíse sular tugadh chun bealaigh í le ghabháil faoi chóir leighis san ospidéal.
Tá an tSeirbhís Otharchairr tar éis fógairt go bhfuil cúigear marbh, fear a bhí thart ar 50, bean a bhí níos sine, agus triúr fear a bhí sna 30í.
Deir siad go bhfuil 11 duine gortaithe, seisear acu gortaithe go dona ag na piléir.
Ó shin tá Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael Gideon Saar tar éis a rá go bhfuil seisear anois maraithe agus dúirt sé gur Palaistínigh ba chúis leis, as cathair Ramallah, ar an mBruach Thiar i gCríocha Gafa na Palaistíne.
Tá Gluaiseacht Hamas tar éis "an bheirt óglach" a mholadh as an ionsaí ach níl siad tar éis freagracht a ghlacadh as.
Tá an marú molta freisin ag an ngrúpa eile armtha Jihad Ioslamach.
Ag labhairt dó ag láthar an ionsaithe dúirt an PríomhAire Benjamin Netanyahu go bhfuil fórsaí Iosrael sa tóir ar an dream ar an mBruach Thiar a chuidigh leis an mbeirt ghunnadóir.
Deir na póilíní gur i gcarr a tháinig an bheirt chomh fada leis an stad bus ag Acomhal Ramot.
Fuair na póilíní a deir siad, lear gunnaí agus armlón agus scian a bhí ag lucht an ionsaithe ag an láthair.
Deir siad chomh maith go raibh fear slándála agus sibhialtach armtha in aice láimhe agus gur scaoil siadsan leis an mbeirt agus gur mharaigh siad iad.
Arú anuraidh, mí na Samhna 2023, mharaigh beirt Phalaistíneach armtha triúr ag stad bus i Iarúsailéim agus dúirt na fórsaí slándála ag an am go raibh baint ag lucht an ionsaithe le Hamas.
Tá an chogaíocht is deirní i nGaza anois beagnach 2 bhliain ar bun agus beagnach 65,000 Palaistíneach maraithe ag Iosrael mar dhíoltas ar an 1,200 a chuir Hamas den tsaol in ionsaí mór ar Iosrael mí Dheireadh Fómhair 2023.