Tá ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tar éis í féin a chur as an áireamh san iomaíocht don Uachtarántacht.
Ag labhairt di le Nuacht RTÉ thug sí le fios gur chuir sí roinnt dá cuid comhghleacaithe ar an eolas thar an deireadh seachtaine faoina cinneadh nach mbeadh sí ag seasamh ar son an pháirtí sa toghchán an 24ú Deireadh Fómhair.
Dúirt sí go bhfuil sí "chun fanacht sa líne tosaigh" ó thaobh cinnireachta ar an bhFreasúra sa Dáil.
"Tá mé chun mo chuid fuinnimh a chaitheamh ag tabhairt an Rialtais chun cuntais, lá i ndiaidh lae, ag obair le mo chomhghleacaithe i Sinn Féin agus lasmuigh de Shinn Féin chun rogha cearta a thabhairt don phobal nuair a bheidh an chéad olltoghchán eile ann."
Chuir Mary Lou McDonald as an áireamh í féin don Uachtarántacht ag tús na bliana, ach sula dtáinig Sos an tSamhraidh san Oireachtas, d'athraigh sé sin, agus dúirt sí nach raibh sí ag cur aon ní as an áireamh go mbeadh machnamh déanta ag an bpáirtí.
I nDún Laoghaire ar maidin, ag teacht le chéile bliantúil Shinn Féin roimh Théarma an Fhómhair san Oireachtas, dúirt Mary Lou McDonald go raibh próiseas fós ar bun acu le iarrthóir a roghnú agus go mbeadh "cinneadh críochnúil" déanta an 20ú lá den mhí, seachtain ó Dé Sathairn seo chugainn.
Ní raibh sí sásta a rá an raibh nó nach raibh CéadAire Thuaisceart Éireann Michelle O'Neill á breithniú mar iarrthóir agus dúirt sí "go raibh gach ní fós san áireamh" agus "go bhfuil roghanna ag an bpáirtí."
Dheimhnigh sí freisin go raibh súil aici go mbeadh cruinniú ag an bpáirtí as seo go ceann roinnt laethanta leis an iarrthóir Neamhspleách sa toghchán Catherine Connolly.
"Tá an rogha fós againn iarrthóir de chuid Shinn Féin a bheith againn nó seasamh le iarrthóir eile, agus cinnte sula ndéanfaidh Ard Chomhairle an pháirtí aon chinneadh, beidh súil againn casadh le Catherine agus lena meitheal feachtais.
Tá taithí thar na bearta ag Catherine, duine fíor-neamhspleách í, agus tá meas mór ar an dúthracht atá léirithe aici le fada i leith cearta agus cothrom na córa go náisiúnta agus go domhanda.
Sa gcás nach mbíonn ár n-iarrthóir féin againn, ansin cinnte beidh Catherine le cur san áireamh againn, tharla go bhfuil sí ag stocaireacht le roinnt seachtainí agus go bhfuil tacaíocht faighte aici ó chomhghleacaithe i bpáirtíthe eile."