skip to main content

Fear gafa faoi dhúnmharú fir sna daichidí in Ard Mhacha

I dteach in Achadh na Cranncha a fuarthas corp an fhir ar maidin inniu
I dteach in Achadh na Cranncha a fuarthas corp an fhir ar maidin inniu

Tá fear 39 bliain d'aois gafa ag na póilíní i gCo Ard Mhacha ar amhras gur dhúnmharaigh sé fear sna daichidí a bhfuarthas a chorp i ndeisceart an chontae sin ar maidin inniu.

Fuarthas an fear marbh i dteach in Achadh na Cranncha ag thart ar 11.30 ar maidin.

Deir na póilíní gur bhain drochghortuithe do cheann agus d'éadan an fhir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ