Tá sé ráite ag Méara Luimnigh John Moran go bhfuil sé i gceist aige 2,000 teachín modúlach a sholáthar sa chathair as seo go ceann dhá bhliain leis an ngéarchéim tithíochta ansin a mhaolú de bheagán.
Áiteanna cónaithe d'ardchaighdeán a bheas sna teachíní a ligfear ar cíos réasúnta, a dúirt an Méara.
Beidh dhá chineál teachín ann agus cuireadh ar taispeáint iad i lár chathair Luimnigh inniu le go bhfaigheadh an pobal mearfhéachaint orthu.
Ceann de na teachíní, tá 23 méadar cearnach ann agus is le haghaidh duine amháin é.
An ceann eile, 32 méadar cearnach atá ann agus tá áit ann do bheirt.
Thug an Móránach le fios gur €1,650 sa mhí an cíos atá ar árasán aon seomra codlata i Luimneach i láthair na huaire ach dúirt gur faoi €1,000 an cíos a bheas ar an teachín is lú den phéire.
Dúirt sé, áfach, nach bhfuil maoiniú dá phlean ná cead pleanála faighte aige fós.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ