skip to main content

Cruinniú ag an bPápa Leon le hUachtarán Iosrael sa Vatacáin

VATICAN CITY, VATICAN - SEPTEMBER 04: (EDITOR NOTE: STRICTLY EDITORIAL USE ONLY - NO MERCHANDISING). Pope Leo XIV exchanges gifts with President of Israel, Isaac Herzog during an audience at the Apostolic Palaceon September 04, 2025 in Vatican City, Vatic
Isaac Herzog agus an Pápa Leon ag tabhairt bronntanas dá chéile sa Phálás Aspalda sa Vatacáin

Bhí cruinniú ag an bPápa Leon XIV le hUachtarán Iosrael Isaac Herzog sa Vatacáin inniu.

I ráiteas ón Vatacáin, dúradh gur phléigh an bheirt fhear "an scéal tragóideach in Gaza" agus gur iarr an Pápa sos comhraic buan a chur i bhfeidhm san iamhchríoch Phalaistíneach, soláthairtí fóirithinte a ligean isteach ann agus gialla Iosraelacha a scaoileadh saor.

Thug an an Pápa le fios freisin, a dúradh, gur thacaigh sé le réiteach an dá stát, mar a thugtar air, is é sin Iosrael agus stát Palaistíneach le taobh a chéile.

Níos túisce, ghabh Isaac Herzog buíochas leis an bPápa "as an bhfáilte chroíúil" a chuir sé roimhe sa Vatacáin.

Le hais an Phápa ar tháinig sé ina áit, níl an Pápa Leon chomh glórach maidir leis an ollmharú agus an scrios atá Iosrael a dhéanamh in Gaza.

Cháin an Pápa Proinsias na hIosraelaigh go minic agus dúirt gur cinedhíothú ab ea cuid dá raibh ar bun acu in Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ