Tá Cumann Oibrithe Sóisialta na hÉireann ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú reachtúil ar chás an bhuachalla óig atá ar iarraidh i mBaile Átha Cliath le trí bliana ar a laghad agus a cheaptar atá marbh.
Tá cuardach ar bun ag na Gardaí ó arú inné ar shuíomh i nDomhnach Bat i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath mar chuid dá bhfiosrúchán faoinar bhain don bhuachaill.
Trí bliana go leith d'aois a bhí an buachaill nuair a chonacthas é go deireanach.
I ráitéas, dúirt Cumann na nOibrithe Sóisialta gur theastaigh athbhreithniú reachtúil lena chinntiú go bhfiosrófaí agus go dtuigfí gach uile ghné den chás.
Caithfidh ciall cheannaithe a bheith ann ionas nach bhfágfar aon leanaí san am le teacht ar díth na cosanta ná an chúraim a bhfuil siad ina dteideal, a dúradh sa ráiteas.
Dúirt na hoibrithe freisin nár mhór a fháil amach cad chuige ar cuireadh an buachaill ar ais faoi chúram a theaghaigh tar éis dó a bheith ar altramas agus cé na bearta a rinneadh an uair sin lena chinntiú go mbeadh sé sábháilte.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ