Tá sé tugtha le fios ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan gur díbríodh as an tír seo ó mhí an Mheithimh 42 duine ón mBrasaíl, lenar áiríodh cúig dhuine dhéag a raibh téarmaí príosúin á gcur isteach acu.
Seoladh ar ais chun na Brasaíle gach aon duine den 42 ar eitiltí tráchtála, arsa sé.
Mar leis an gcúig phríosúnach déag, dúirt Jim O'Callaghan go raibh deireadh ag teacht lena dtéarmaí coinneála agus nach scaoilfí amach iad murach sin.
Dhearbhaigh sé freisin gur eisíodh 2,713 ordú díbeartha go dtí seo i mbliana agus go bhfuil 1,386 díobh curtha i bhfeidhm.
1,285 ordú díbeartha a eisíodh san achar céanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ