skip to main content

Múinteoirí ag achainí ar an Rialtas stailc a réiteach

Cearta pinsin údar na cointinne i stailc na rúnaithe agus na bhfeighlithe scoile
Cearta pinsin údar na cointinne i stailc na rúnaithe agus na bhfeighlithe scoile

Tá trí cheadchumann múinteoirí ag iarraidh ar an Rialtas dul i mbun comhráite láithreach le hionadaithe an 2,500 rúnaí agus feighlí scoile ar fud na tíre atá ar stailc le seachtain.

Cumann Múinteoirí Éireann, Aontas Múinteoirí Éireann agus Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, dúirt siad go raibh sé ag dul rite le scoileanna feidhmiú mar ba cheart mar gheall ar an stailc.

I gcomhráiteas, thug na trí cheardchumann le fios nach bhféádfaí leanúint ar aghaidh mar atá agus dúirt siad gur de thoradh comhráite béal ar bhéal a réitítear aighnis mar é i ndeireadh na scríbe.

hIarradh sa ráiteas ar an Aire Oideachais Helen McEntee, ar an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus ar fheidhmeannnaigh i ranna na beirte, hiarradh orthu dul i muinín saoráidí teasargain an Stáit go téirimeach go bhféachfaí leis an aighneas a réiteach.

Níl aon teorainn ama curtha ar an stailc arb iad cearta pinsin agus sochair fhostaíochta nach iad an t-údar sáraíochta.

Maíonn na rúnaithe agus na feighlithe nach bhfuiltear ag caitheamh go cothrom leo mar nach bhfuil acusan an pinsean earnála poiblí atá ag múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta agus daoine eile a bhfuil siad ag obair in éindí leo.

Bhí réamh-chomhráite ag an dá thaobh sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre an tseachtain seo caite ach ní raibh aon toradh orthu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ