Maraíodh sé dhuine dhéag ar a laghad nuair a d'imigh traein cháblach de na ráillí i bpríomhchathair na Portaingéile, Liospóin, tráthnóna inné.
Gortaíodh 21 duine eile sa tubaiste.
Bhí eachtrannaigh i measc na marbh ach ní sé ráite fós cárbh as iad.
Cathair chnocach is ea Liospóin agus is turasóirí is mó a bhaineann leas as an iarnród sráide le sciuird a thabhairt ar na ceantair is crochta inti.
Ag teacht anuas ón ard a bhí an traein nuair a d'imigh sí ó smacht agus lean ar aghaidh faoin lán siúil nó gur bhuail sí foirgneamh ag casadh sa tsráid.
Meastar gur imigh an traein ó smacht nuair a bhris an cábla a bhí á tarraingt.
Tá lá náisiúnta dóbróin in ómós do na mairbh fógartha inniu ag Rialtas na Portaingéile.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil Ambasáid na hÉireann i Liospóin réidh le cabhair a thabairt má theastaíonn sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ