skip to main content

'Trump réidh le comhaontuithe trádála a chaitheamh i gcártaí'

Donald Trump sa Teach Bán inné
Donald Trump sa Teach Bán inné

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go mb'fhéidir go mbeadh air na comhaontuithe trádála a rinne sé le tíortha éagsúla a chur ar neamhní má rialaíonn Cúirt Uachtarach Mheiriceá go bhfuil na taraifí a ghearr sé ar na tíortha sin neamhdhleathach.

Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh i measc na dtíortha atá i dtreis.

An tseachtain seo caite, rialaigh cúirt achomharc sna Stáit Aontaithe go raibh cuid mhór de tharaifí Trump neamhdhleathach mar nach raibh sé d'údarás aige mar Uachtarán iad a thabhairt isteach gan an Chomhdháil a cheadú.

Thug Trump le fios gur chreid sé go rialódh an Chúirt Uachtarach ina fhabhar i ndeireadh na dála ach dúirt go mbeadh na Stáit Aontaithe thíos leis go mór mura rialódh.

Mhaígh sé go raibh an tAontas Eorpach ag íoc "beagnach trilliún dollar" leis na Stáit Aontaithe mar gheall ar na beartais a bhí tugtha isteach aige.

In ainneoin a ndúirt sé , áfach, is iad lucht iompórtála i Meiriceá a íocann na taraifí ar earraí a cheannaíonn siad ón Aontas Eorpach seachas lucht a n-easpórtála.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ