skip to main content

Na mílte páiste Palaistíneach ina gcónaí i seomraí ranga

Teach cónaithe fágtha ina bhallóg ag buamaí na nIosraelach, Cathair Gaza, 3 Meán Fómhair 2025
Teach cónaithe fágtha ina bhallóg ag buamaí na nIosraelach, Cathair Gaza, 3 Meán Fómhair 2025

Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael 24 Palaistíneach ar a laghad, páistí ina measc, in áiteanna éagsúla in Gaza inniu.

Ba i gCathair Gaza a maraíodh a mbunáite, mar a bhfuil na hIosraelaigh ag brú chun cinn agus rún acu an pobal ar fad a dhíbirt as an áit.

Is cosúil nach mbeidh aon rogha ag formhór an phobail ach géilleadh don fhorneart, a mbailte a fhágáil, bóthar a bhualadh agus dídean a lorg i gcéin.

Mar sin féin, tá roinnt daoine tinn tuirseach den seachrán síoraí agus tá siad ag cur cos i dtaca.

Níl siad sásta bogadh arís eile, a deir siad, is cuma cén sórt íospartha a thabharfar dóibh.

Seachas a bheith ag foghlaim, mar is dual do dhaltaí scoile ar fud an domhain an tráth seo bliana, tá breis agus na mílte páiste Palaistíneach ina gcónaí de ló agus ina gcodladh d'oíche i seomraí ranga in Gaza, an t-aon díon atá acu ar na diúracáin.

Den tríú bliain as a chéile, tá oideachas na bpáistí sin curtha ar ceal agus gach gné den saol in Gaza ag dul ó mhaoil go mullach.

Ní brúidiúlacht ar fad é agus tá daoine trócaireacha ón taobh amuigh ag déanamh a seacht ndícheall teacht i gcabhair ar mhuintir Ghaza.

Loingeas daonnúil, dhá scór bád lán go boimbéal le soláthairti fóirithinte, tá siad ar a mbealach go Gaza agus an chóir leo.

Ach cén seans go mbainfidh siad port amach, go háirithe agus soithí fónta mar iad ruaigthe cheana ag na Iosraelaigh!

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ