Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil "an náisiún suaite" ag cás an bhuachalla óig atá ar iarraidh i mBaile Átha Cliath agus gur "ollmhór an t-údar imní" é.
Tá cuardach ar bun ag na Gardaí ó mhaidin inné ar shuíomh i nDomhnach Bat i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath mar chuid dá bhfiosrúchán faoinar bhain don bhuachaill a chreideann siad atá marbh.
Trí bliana go leith d'aois a bhí an buachaill nuair a chonacthas é go deireanach, tráth a bhí sé ina chónaí in Árasáin an Ghailearaí i Siúlán Thuirbhe i nDomhnach Bat.
Bainteach leis an gcás tá an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, a raibh teagmháil acu leis an mbuachaill agus lena mhuintir san am a caitheadh.
Tá cáineadh déanta ar Tusla faoin gcás agus imní ar dhaoine nach rabhthas ag coimhéad an bhuachalla mar ba chóir.
Dúirt an Teachta Dála Claire Kerrane ó Shinn Féin go raibh neart ceisteanna le freagairt ag Tusla faoin gcás.
Dar le Simon Harris, áfach, gur cheart do dhaoine deis a thabhairt do na Gardaí a gcuid oibre a dhéanamh agus gan deimhin a dhéanamh dá mbarúil féin faoin scéal nó go gcloisfidh siad an dara scéal.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ