Deir Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin gur scaoil forsaí míleata Iosrael ceithre ghránáid cóngarach don áit a raibh saighdiúirí síochána ar dulagas i ndeisceart na tíre.
Is as dróin a diúracadh na gránáidí agus saighdiúirí na Náisiún Aontaithe ag iarraidh constaicí a ghlanadh den bhóthar gar dá mbunáit.
Phléasc ceann de na gránáidí 20 méadar ó na saighdiúirí agus a bhfeithiclí agus phléasc na trí cinn eile 100 méadar uathu.
Ní dúradh an raibh saighdiúirí as Éirinn ina measc.
Deir na Náisiúin Aontaithe gur cuireadh in iúl do na hIosraelaigh roimh ré go rabhthas le tabhairt faoin obair ar an mbóthar.
An tseachtain seo caite, vótáil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe deireadh a chur leis an misean idirnáisiúnta síochána sa Liobáin in 2027 de réir mar a theastaigh ó Iosrael agus ó na Stáit Aontaithe.
Táthar imníoch, ámh, go ngéaróidh na hIosraelaigh an seach-chogadh atá siad a chur ar dheisceart na Liobáine nuair a imeoidh na Náisiúin Aontaithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ