skip to main content

Coimisiún Eorpach tar éis glacadh le moladh faoi Mercosur

Comhaontú Mercosur: imní ar fheirmeoirí faoina bhfuil i ndán don earnáil talmhaíochta in Éirinn
Comhaontú Mercosur: imní ar fheirmeoirí faoina bhfuil i ndán don earnáil talmhaíochta in Éirinn

Ghlac an Coimisiún Eorpach inniu le téacs nua maidir leis an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Theas a chur i bhfeidhm.

Is i mí na Nollag seo caite a rinneadh an comhaontú trádála leis an gcomhaontachas tíortha i Meiriceá Theas dá ngairtear Mercosur, ach níl a mbeannacht tugtha dó fós ag ballstáit an Aontais Eorpaigh ná ag Parlaimint na hEorpa.

Níl aon ghlacadh ag Rialtas na hÉireann ná ag roinnt rialtas eile san Aontas Eorpach leis an gcomhaontú mar atá sé, áfach.

Creideann an Rialtas go bhféadfadh an comhaontú an-dochar a dhéanamh don earnáil talmhaíochta in Éirinn – go háirithe an earnáil mairteola agus an earnáil éineola – agus táthar imníoch freisin faoi chaighdeán an bhia a thabharfar isteach san Eoraip as Meiriceá Theas.

Os a choinne sin, deir an Coimisiún Eorpach go mbainfidh feirmeoirí san Eoraip an-tairbhe as an gcomhaontú ó ísleofar taraifí ar go leor dá gcuid táirgí, go háirithe táirgí déiríochta.

Chomh maith leis sin, an téacs a bhfuil glactha ag an gCoimisiún Eorpach leis inniu, deirtear ann go gcosnófar feirmeoirí agus go dtiocfar i gcabhair orthu sa chás go gcuirfear as a riocht an margadh talmhaíochta san Eoraip mar gheall ar an gcomhaontú.

Ní féidir an comhaontú a chur i bhfeidhm mura bhfaighidh sé tacaíocht ó chúig bhallstát déag ar a laghad ina gcuimsítear 65% de dhaonra an Aontais Eorpaigh ar an gcuid is lú.

Tá an Fhrainc i measc na mballstát nach bhfuil sásta leis an gcomhaontú ach tá an Ghearmáin go mór ina fhabhar.

Ó thaobh an chomhshaoil agus athrú aeráide de, tá prótacal sa chomhaontú a bhfuil ceangaltas dlíthiúil ann maidir le deireadh a chur le dífhoraoisiú ón mbliain 2030 ar aghaidh.

Foraois bháistí na hAmasóine is mó atá i gceist sa phrótacal sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ