skip to main content

86 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe ag Iosrael in Gaza

An bealach chun na reilige, mar a bhfolófar go ró-óg na neamhchoirigh seo, Cathair Gaza, 2 Meán Fómhair 2025
An bealach chun na reilige, mar a bhfolófar go ró-óg na neamhchoirigh seo, Cathair Gaza, 2 Meán Fómhair 2025

Mharaigh fórsaí míleata Iosrael 86 Palaistíneach ar a laghad in áiteanna éagsúla in Gaza le ceithre huaire fichead, gan trácht ar na scórtha eile a leonadh, de réir na n-údarás sláinte san iamhchríoch.

Tuairiscítear gur maraíodh 26 duine nuair a scaoileadh diúracáin ó scairdeitleáin le hárais chónaithe i mbruachbhailte Chathair Gaza; maraíodh naonúr nuair a diúracadh airtléire ó thancanna leo; agus maraíodh cúigear eile i scuaine ag ionad dáileacháin bia i ndeisceart Gaza.

I gceann an doirteadh fola, tuairiscítear go bhfuair trí dhuine dhéag eile bás le hocras, triúr páistí ina measc.

Deir na hIosraelaigh go bhfuil siad i ndeabhaidh le comhraiceoirí ó Hamas ar imeall Chathair Gaza agus go bhfuil bonneagar na heagraíochta sin á scriosadh acu de réir mar atá siad ag dul chun cinn.

Tá na hIosraelaigh ag iarraidh an pobal ar fad a dhíbirt as an gcathair sin agus iad a lonnú i ndeisceart na hiamhchríche go sealadach.

Tá 40,000 saighdiúir cúltaca eile gairthe chun seirbhíse ag na hIosraelaigh faoina thuairim sin agus samhlaíonn sé go nglacfaidh siad forlámhas ar an gcathair i ngearraimsir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ