Maraíodh bean sna seachtóidí nuair a d'ionsaigh saithe beach í i mBaile an Chaisil i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo inné.
Bhí an bhean agus a fear céile ag cruinniú meala as creatchoirceoga ag thart ar 5 a chlog tráthnóna inné nuair a thug an tsaithe fogha fúithi agus sháigh a gclipí inti.
D'éirigh sí an-tinn ar an mball agus cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála.
Tháinig héileacapatar tarrthála leis an nGarda Cósta ar bráid agus thug an bhean go hOspidéal Ollscoile Shligigh, áit ar bhásaigh sí níos deireanaí.
Cuireadh gathanna i roinnt daoine eile nuair a tháinig siad i gcabhair an mbean agus tugadh duine díobhsean chun an ospidéil i gCaisleán an Bharraigh.
Scaoileadh amach as an ospidéal an duine sin go gairid ina dhiaidh sin.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp na mná lena dhearbhú cad ba thrúig bháis di go baileach.
Deir beachadóirí gurb annamh a bhásaítear daoine agus iad ag cruinniú meala ach deir siad go bhfuil daoine áirithe an-tograch do ghoimh beiche, i ngan fhios dóibh féin go minic.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ