skip to main content

Na céadta maraithe i gcrith talún san Afganastáin

An injured Afghan boy (bottom) receives treatment at a hospital
Cóir leighis á cur san ospidéal ar bhuachall a gortaíodh sa chrith talún i gcúige Nangarhar in oirthear na hAfganastáine

Deir na húdaráis san Afganastáin gur maraíodh os cionn 800 duine agus gur leonadh 3,000 ar a laghad mar gheall ar chrith talún a bhí in oirthear na tíre, gar don teorainn leis an bPacastáin.

Méid sheismeach de 6.0 a bhí sa chrith a tharla go gairid roimh an meán oíche, am na háite, agus bunáite na tíre ina gcodladh.

Is i gceantar iargúlta sléibhtiúil a bhí eipealár an chreatha, tuairim is 30 ciliméadar ó thuaidh de chathair Jalalabad i gcúige Nangarhar agus 140 ciliméadar soir ó phríomchathair na hAfganastáine, Cabúl.

Tá Nangarhar suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil plátaí teicteonacha na hIndia agus na hEoráise ag brú a chéile, agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta.

Leacaíodh trí shráidbhaile mar gheall ar an gcrith is deireanaí seo agus rinneadh go leor damáiste do shráidbhailte eile.

Ceaptar a lán daoine a bheith sáinnithe sa smionagar agus tá na seirbhísí tarrthála agus an pobal áitiúil araon ag cíorláil a bhfuil fanta de na háitribh le súil go dtiocfaidh siad ar an gcorrdhuine atá fós ina bheatha.

Beifear ag brath freisin ar ghar na gcomharsan agus ar lámh chúnta thíortha is saibhre an domhain le dul i ngleic leis an éigeandáil.

Níl an fonn céanna agus a bhíodh ar thíortha sa réigiún fortacht ar lucht an chaill, áfach, agus dealraíonn sé gur taobh leo féin cuid mhór a bheas na hainniseoirí in Nangarhar.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ