skip to main content

Fiosrúchán coiriúil faoi bhagairt ar an Tánaiste agus a chlann

a photograph of simon harris
"Gníomh meata atá ann bagairt a dhéanamh ar pháistí" – Simon Harris

Dúirt an Tánaiste Simon Harris go mba ghránna an beart an bhagairt ar líne a rinneadh inné air féin agus ar a chlann go háirithe.

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí go bhfuil fiosrúchán coiriúil ar bun acu faoin mbagairt a foilsíodh ar na meáin shóisialta ar maidin inné.

Níor cheart go mbeadh aon ghlacadh ag aon sochaí shibhialta le bagairtí ar pháistí, arsa Simon Harris.

Gníomh meata is ea a léithéid, a dúirt sé.

Cé go ndearnadh bagairtí ar líne ar Simon Harris cheana, tuigtear go bhfuil na Gardaí níos buartha faoin mbagairt is deireanaí seo ná na cinn eile.

Léirsigh daoine cheana chomh maith taobh amuigh de theach cónaithe Simon Harris i gCo Chill Mhantáin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ