skip to main content

Cuasnóg cornfhoichí Áiseacha aimsithe i gCorcaigh

Glacadh an íomhá seo de chornfhoiche Áiseach ag stáisiún baoite ar dhíon Halla Cathrach Chorcaí ar an 21 Lúnasa 2025
Glacadh an íomhá seo de chornfhoiche Áiseach ag stáisiún baoite ar dhíon Halla Cathrach Chorcaí ar an 21 Lúnasa 2025

Tá cuasnóg cornfhoichí Áiseacha aimsithe i gcathair Chorcaí ag saineolaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Aimsíodh an chuasnóg gar don áit a bhfacthas ceann de na cornfhoichí níos luaithe an mhí seo.

Níl suíomh na cuasnóige á nochtadh de bharr a íogaire atá an chúis.

An tAire Stáit Christopher O'Sullivan, a bhfuil curaimí fiadhúlra air, dhearbhaigh sé go dtógfaí an chuasnóg ón suíomh agus go ndíothófaí na cornfhoichí a bhí inti.

Bíonn roinnt máithreacha aba i gcuasnóg cornfhoichí Áiseacha agus scaipeann siad san fhómhar lena gcuasnóga féin a fhothú.

Ar ámharaí an tsaoil, arsa Christopher O'Sullivan, ó aimsíodh an chuasnóg i gCorcaigh táthar tagtha roimh an dainséar sin.

Asian hornet nest (Vespa velutina)
Vespa velutina: cuasnóg foichí Áiseacha (Pic: Cartlann Getty)

Thug an Súilleabhánach le fios go ndeanfaí anailís mhóilíneach ar an gcuasnóg in Ard-Mhúsaem na hÉireann go bhféachfaí lena fháil amach cá as go baileach ar tháinig na coirnfhoichí.

Ina cheann sin, tá tascfhórsa bunaithe ag an tseirbhís fiadhúlra chun dul i ngleic le cásanna mar é san am le teacht, más gá.

Solaoid ar mhéid na cornfhoiche Áisí

Dá lonnódh cornfhoichí Áiseacha in Éirinn, d'fhéadfaidís scrios a dhéanamh ar fheithidí dúchasacha na tíre, lena n-áirítear beacha meala, beacha gabhair, beacha aonair, bumbóga, féileacáin agus mar sin siar.

Maraíonn siad na hinveirteabraigh sin lena larbhaí féin a bheathú leo.

Ar an mórgóir, ní ionsaíonnn cornfhoichí Áiseacha daoine ach amháin má ghriogtar chun feirge iad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ