skip to main content

Ospidéal na Leanaí: BAM cáinte ag an Aire Sláinte

An tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill
An tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go bhfuil imní uirthi faoi chumas an chomhlachta forbartha BAM an tOspidéal Náisiúnta Leanaí a chríochnú in am.

Cuir i gcás, agus mar sholaoid ar an bhfadáil, ar an tAire, bhí 800 conraitheoir ag obair ar an suíomh gach seachtain ag deireadh na bliana seo caite ach ní raibh ach a leathoiread sin – idir 400 agus 500 – ag obair ann le cúpla mí.

Thug an tAire le fios gur ó bhord an ospidéil a fuair sí an fhaisnéis sin.

Dúirt Jennifer Carroll MacNeill freisin nach bhfuil BAM ag caitheamh an oiread airgid ar an togra agus a bheadh súil leis.

Níl an comhlacht ag tarraingt as ciste an togra gach mí ach 30% den €10 milliún is féidir, ar sí.

Ina cheann sin, mhaígh sí nach raibh an obair á déanamh de réir oird ná go stuama.

An tOspidéal nua Náisiúnta Leanaí

Tá an t-ospidéal le tabhairt ar láimh do na riarthóirí ag deireadh na míosa seo chugainn agus tá na chéad othair le cur ann i meán an tsamhraidh an chéad bhliain eile.

Ina fhianaise sin, arsa an tAire, ní mór do na riarthóirí an áit a ullmhú a thúisce is féidir ach ionú a fháil chuige.

I ráiteas, dúirt BAM go raibh díomá ar an gcomhlacht faoina raibh ráite ag Jennifer Carroll MacNeill.

Léiríonn a ndúirt sí, dar le BAM, gur breacfhaisnéis a bhí faighte aici.

Mhaígh BAM chomh maith go raibh 99% den togra críochnaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ