skip to main content

Gaza: iarthaidhleoirí ag iarraidh ar an AE a bheith níos láidre

GAZA CITY, GAZA - AUGUST 25: Palestinians try to meet their daily water needs with clean water, distributed by tankers, as Israeli attacks deepen the humanitarian crisis in the en-Nasr neighborhood of Gaza City, Gaza on August 25, 2025. (Photo by Ahmed Ji
Díth agus dothairne i gCathair Gaza, 25 Lúnasa 2025

Tá a n-ainm curtha le litir oscailte ag os cionn 200 iarthaidhleoir ó thíortha éagsúla san Eoraip ag achainí ar an Aontas Eorpach bearta níos déine in aghaidh Iosrael a chur i bhfeidhm i bhfianaise na géarchéime daonnúla millteanaí in Gaza.

Iarambasadóirí agus iaroifigigh shinsearacha san Aontas Eorpach is ea an 206 duine a shínigh an litir ar seoladh í chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen, Uachtarán na Comhairle Eorpaí António Costa, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola agus ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh Kaja Kallas.

Seoladh an litir chomh maith chuig roinnt Coimisinéirí an Aontais, agus chuig ceannairí agus airí gnóthaí eachtracha na mballstát uile.

Seoladh litir mar í cheana mí Iúil seo caite ar chuir 58 iarthaidhleoir a n-ainm leis ag an am.

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil suíomh an tsaoil in Gaza tar éis dul i gcion ar a thuilleadh acu idir dhá linn.

Tá deichniúr iarthaidhleoirí as Éirinn i measc na ndaoine a shínigh an litir.

Tarraingítear aird sa litir ar oidhe mhuintir Gaza, ar an múradh atá déanta ag na hIosraelaigh ar an iamhchríoch agus ar an ngalar snoí atá ag gabháil do dhaoine ann de bhíthin an ocrais, go háirithe leanaí.

Cáineann na hiarthaidhleoirí freisin rún na nIosraelach mórlonnaíocht nua a thógáil ar chríocha na bPalaistíneach idir an Bruach Thiar agus Iarúsailéim Thoir.

Is le súil dul i gcion ar cheannairí an Aontais Eorpaigh agus ar na cinntí a dhéanann siad maidir le Gaza a scríobhadh an litir, a deir na hiarthaidhleoirí.

Cé gur maith ann na bearta atá roinnt ballstáit a dhéanamh astu féin, dar leo, b'fhearr i bhfad bearta páirte na mballstát ar fad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ