Measann saineolaithe mara go bhfuil an ceantar farraige amach ó chósta thiar na hÉireann ar cheann de na limistéir is mó liamhán gréine ar domhan.
Bíonn cuid acu suas le dhá mhéadar dhéag ar fad, agus chonacthas samhail de cheann acu i nGaillimh inniu le haird a tharraingt ar chomhdháil dhomhanda faoin siorc a bheas ar bun gan mhoill.
Cuireadh samhail lánmhéide - 10 méadar ar fad - den liamhán ar taispeáint ar an Phóirse Caoch i nGaillimh inniu. Mar chuid den tSeachtain Oidhreachta atá ag teacht chun críche inniu bhí seans ag an phobal an t-ainmhí mór seo a fhiosrú agus a bhreathnú.
Sé seachtainí a bhain sé as an tógálaí samhalacha Tommy Casby, as Gaillimh í a chur le chéile.
Fráma cruaiche atá inti a bhfuil sraith de stuáil anuas air, agus é cuachta le plaisteach chlúdaigh agus cóta ceaileacó péinteáilte ina mhullach sin uilig.

Cé gur bhain go leor daoine lán a dhá súl as an fheic aisteach, deis a bhí ann le poiblíocht a thabhairt do chomhdháil dhomhanda ar an liamhán gréine a bheas in Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh an deireadh seachtaine seo chugainn.
Siad Grúpa Deilfeanna agus Míolta Móra na hÉireann atá ag eagrú an tionóil ag a mbeidh saineolaithe as an tSeapáin, an Nua Shéalainn, Meiriceá Thuaidh, agus Inse Ghall in Albain idir an 29-31 Lúnasa.

Beidh lá mór imeachtaí eolais agus oideachais ar bun ar Oileán Acla ar an Domhnach mar chuid den Chomhdháil.
Tá an oiread sin de na liamháin gréine le feiceáil anois ar chósta thiar na hÉireann, go háirithe idir Ceann Léime an Chláir agus na hoileáin Árann i gContae na Gaillimhe, go bhfuil an ceantar áirithe i measc na limistéir mara is líonmhaire ar fud an domhain.
Dúirt Simon Berrow ó Ghrúpa Deilfeanna agus Míolta Móra na hÉireann le Nuacht RTÉ go mbíodh líon mór liamháin gréine le feiceáil thart ar Oileán Mhanainn i Muir Éireann roinnt blianta ó shin ach nach bhfuiltear á bhfeiceáil níos mó. Bhíodh siad líonmhar amach ó Inse Gall in Albain chomh maith ach tá siad imithe i léig ansin le blianta beaga.
"Ní aon aibhéil a rá go bhfuil na céadta nó fiú os ceann míle liamhán sa cheantar seo. Tá sé ag cur go mór leis an turasóireacht muirí agus daoine ag dul ar thurasanna báid ag súil radharc a fháil orthu."
Tagann siad san Earrach le bheith ag cothú ar an bplanctón agus ansin filleann siad arís sa samhradh chun dul ag suirí agus ag pórú.

Léiríonn rianú satailíte, clibeáil, sampláil ghéineolaíochta agus cineálacha eile modhanna taifeadaithe go mbíonn na liamháin san fharraige idir Ceann Léime agus na hOileáin Árann agus iad mbun suirí agus póraithe.
Mhínigh Simon Berrow go bhfuil pátrúin suirí tugtha faoi deara ag saineolaithe ó Fhoras na Mara – suirí tórais an téarma cruinn eolaíochta. "Cruinníonn na liamháin i bhfáinne gar don dromchla, ach thíos futhú sin arís bíonn fáinne eile agus faoi sin arís an tríú fáinne agus iad uilig ag suirí le chéile."

Tá oileáin Árann, agus an Cladach Dubh i dtuaisceart Chontae na Gaillimhe aitheanta le seilg na liamhán san am atá thart. Ach is in Acaill i gContae Mhaigh Eo atá rian na sealgaireachta agus na próiseála go fóill go láidir i gcuimhne na ndaoine. Idir 1950 agus 1964 tugadh suas le 9,000 liamhán i dtír as Cuan Mó. Bhí luach mór ar an ola a dhéantaí le h-ae an ainmhí nuair nach raibh mórán airgid ag daoine agus nuair a bhí costas na hola ard.
Níl suim ag an liamháin i ndaoine - is ar phlanctóin a mhaireann sé agus sin an fáth a mbíonn a chlab oscailte aige in íomhánnna agus i léaráidí.
Tá stádas cosanta dlithiúil faoin Acht Fiadhúlra ag an liamhán gréine anois le trí bliana.