skip to main content

Pobal Roimh Bhrabús ag iarraidh ar Shinn Féin tacú le Catherine Connolly

Catherine Connolly PA Images
An Teachta Dála Catherine Connolly

Tá Pobal Roimh Bhrabús ag iarraidh ar Shinn Féin tacú leis an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly sa toghchán Uachtaránachta seachas a n-iarrthóir féin a chur chun cinn.

Mhaígh an Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús gur léirigh na pobalbhreitheanna go raibh an-seans ag Catherine Connolly an toghchán a bhuachan ar son na heite clé.

Thug sé le fios mar sin féin gur iarrthóir maith freisin a bheadh i gceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.

Tá Sinn Féin le cinneadh a dhéanamh ar an gceist an mhí seo chugainn.

Mar le Catherine Connolly, dúirt Paul Murphy go mbeadh sé níos deacra ag an Rialtas fáil réidh le ceann de na prótacail a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann a chur ar dualgas thar lear – 'an Glas Triarach', mar a thugtar air.

De réir na bprótacal sin, caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sular féidir saighdiúirí as an tír seo a chur ar fiannas ar an gcoigcríoch.

Teastaíonn ón Rialtas an riachtanas triarach seo a mhaolú le nach gcaithfí dul i gcomhairle feasta leis na Náisiúin Aontaithe.

Creideann an eite chlé, áfach, gurb é neodracht na hÉireann a mhaolfaí dá ndéanfaí an t-athrú sin.

Mar le Heather Humphreys ó Fhine Gael, thug Paul Murphy le fios gur iarrthóir maith ise freisin don Uachtaránacht ach dúirt go mbeadh sé ag dul rite léi í féin a dhealú ó "na cinntí cruálacha" atá déanta ag an bpáirtí sin sa Rialtas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ