Bhí na mílte sa Chlochán i gCo. na Gaillimhe inniu don dara lá de sheó bliantúil Capaillíní Chonamara. Tá an seó ag ceiliúradh 100 bliain ar an fhód i mbliana.
Ceithre lá a mhaireann an seó anois agus beidh suas le 600 capaillín den phór aitheanta páirteach i ndaichead comórtas idir inniu agus an Aoine.
Tá na comórtais roinnte idir taispeántais láimhe agus léimní agus rannóga ar leith ann - idir bromaigh, cliobóga, searraigh, láracha agus staileanna.
Ba inniu lá an chomórtais taispeántais láimhe – an comórtas is aitheanta go traidisiúnta le lucht póraithe Chapaillíní Chonamara.
Tugann na h-úinéirí na capaillíní thart ar an fháinne taispeántais agus greim acu ar an tsrian. Measann na moltóirí an capaillín agus ansin iarrann siad ar an úinéir imeacht agus filleadh leis an chapall arís de shodar.

Ina measc siúd a bhí san iomaíocht inniu bhí Rónán Ó Ráinne as an Trá Bháin i Leitir Móir i gCo na Gaillimhe. Bliain is fiche d'aois atá Rónán ach tá sé tosaithe ag taispeáint capaillíní ag Seó an Chlocháin cheana féin. Is óna athair Mícheál agus a dheaideo Pádraic sa Trá Bháin a d’fhoghlaim sé "chuile sheort" dá bhfuil ar eolas aige, a dúirt sé le Nuacht inniu.
Thaispeáin sé a stail 'Trá Bháin Céileog' sa pharáid ag Seó na gCapall san RDS i mBaile Átha Cliath i dtús na míosa seo ach is le capall cúig bliana a bhí sé ag siúl sa tseó ar an Chlochán inniu.
"Lá an-mhór é Seó an Chlocháin do lucht capaillíní Chonamara," a dúirt Rónán. "Is geall le Craobh na hÉireann é – tá chuile dhuine ag iarraidh é a ghnóthachtáil."

Is minic gur léiriú maith é bua i gcomórtas inniu ar an phraghas a gheobhaidh úinéir ar a chapaillín ag margadh na gcapall ag an deireadh seachtaine seo.
"Sin nó an searrach a bheas ag an láir amach anseo – seasfaidh do bhua inniu le praghas an tsearraigh agus tú dhá dhíol arís," a mhínigh Rónán.
Bíonn an t-ainm 'Trá Bháin' ar gach capaillín dá gcuid a thógann Rónán agus a athair agus a dheaideo - nós bunaithe atá anseo i measc chuid de lucht tógála an phóir seo agus ciallaíonn sé go mbíonn ainm an tógálaí ceangailte le gach capaillín dá chuid.
"Gabhfaidh na capaillíní seo san iomaíocht i gcomórtais léimní ar fud an domhain agus aithneoidh tú ón ainm an Trá Bháin gur againne a rugadh agus a tógadh iad – údar mór mórtais é sin," a dúirt Rónán.

Ina measc siúd a bhí ag faire an tseó go cúramach bhí Seán Ó Cualáin as an Bhaile Ard, sa Spidéal. Dúirt Seán go bhfuil sé ag teacht chuig Seó an Chlocháin le blianta fada ag gur breá leis teacht ann agus an mianach a mheas bliain i ndiaidh bliana. Aithníonn Seán caidé tá i gceist le láir mhaith de mhianach Chonamara:
"Ceann a mbeadh síneadh maith inti - crochta go maith - cloigeann deas éadrom uirthi," a deir Seán. "Bheadh fráma deas aici agus cosa breátha láidre fúithi, rud atá deacair a fháil sa lá tá inniu ann," dar leis. "Tá an mianach athraithe, ní h-ionann is na caiple a bhí ann fadó."

Tá sé de cháil ar an phór capaillíní seo go réitíonn siad go furast le páistí. Beidh seans ag marcaigh óga a gcuid scileanna féin agus nádúr cineálta a gcuid capaillíní a léiriú Déardaoin agus Dé hAoine sna comórtais léimní.
Tá rannóga ar leith sna comórtais seo do mharcaigh faoi shé bliana déag d’aois agus do mharcaigh níos sine.
Tá cáil mhianach Chapaillín Chonamara scaipthe ar fud na hEorpa agus bíonn ceannaitheoirí ag tarraingt ar an tseó as mór-roinn na hEorpa.
Chualathas Fraincís, Gearmáinis agus teangacha Lochlannacha á labhairt sa lucht féachána inniu i bpáirc an tseó agus tráthnóna amárach beidh ócáid ar leith in óstán an Abbey Glen do na Cumainn Idirnáisiúnta le bualadh le lucht tógála na gcapaillíní.
Bhí bliain chonspóideach ag Cumann Lucht Capaillíní Chonamara anuraidh nuair a socraíodh dhá lá de na comórtais a aistriú go Baile Átha an Rí ar an taobh thoir den chontae ar chúiseanna sábháilteachta.
I mbliana is coiste deonach áitiúil atá neamhspleách ar an Chumann, atá ag eagrú an tSeó. Mhínigh Mary Coyne, Cathaoirleach an choiste gur bhunaigh siad comhlacht Sheó Capaillíní Chonamara mar gur mhian leo a chinntiú go bhfanfadh an seó ar an Chlochán agus go mbeadh níos mó den phobal páirteach ann.
"Tá suim againn sna capaillíní ach sa gceantar freisin agus tá muid ag iarraidh go bhfanfaidh an seó anseo."

Tá tábhacht nach beag leis an seó do bhaile an Chlocháin. Cé nach raibh an Coiste eagraithe ábalta a rá cé mhéad is fiú é do lucht gnó an bhaile, is cinnte go meallann an seó tuilleadh cuairteoirí agus a gcuid airgid chuig an Chlochán ag deireadh an tséasúir turasóireachta.
Cuirfear tús le díolachán na gcapaillíní ag marglann an Chlocháin Dé hAoine agus tá lucht póraithe na gcapaillíní ag súil le ceannaitheoirí as gach cearn d’Éirinn agus ó thíortha thar lear.