skip to main content

Seirbhísí Luas ar fionraí de bharr dóiteáin

Is i nDuga Sheoirse a thosaigh an doiteán go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné
Is i nDuga Sheoirse a thosaigh an doiteán go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné

Cuireadh ar fionraí ar maidin inniu seirbhísí Luas idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Iosta na Rinne i mBaile Átha Cliath mar gheall ar dhóiteán a rinne damáiste do dhroichead ar an Líne Dhearg.

Is ar Dhroichead Dhuga Sheoirse go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna inné a thosaigh an dóiteán atá múchta ó shin ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.

Chuaigh le thine na cáblaí leictreachais agus an príomhlíonra gáis thíos faoin droichead.

Dúirt Líonraí Gáis Éireann gur chabhraigh foireann dá gcuid leis an mBriogáid Dóiteáin dul i ngleic leis an dóiteán.

Dublin Fire Brigade tackle a blaze at George's Dock near the IFSC
Lucht dóiteáin ag dul i ngleic leis na lasracha i nDuga Sheoirse

Tráthnóna, dúirt oibritheoir an Luas Transdev go mbeadh an tseirbhís idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Iosta na Rinne ar fionraí go ceann seachtaine ar a laghad de bhíthin ar tharla.

Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ