skip to main content

Mo Chara: cás curtha siar arís, ateangaire Gaeilge sa chúirt

Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo Chara) ag labhairt lena lucht tacaíochta tar éis dó teacht amach as an gcúirt i Londain inniu
Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo Chara) ag labhairt lena lucht tacaíochta tar éis dó teacht amach as an gcúirt i Londain inniu

I gcúirt i Londain, cuireadh siar go dtí deireadh na míosa seo chugainn an cás atá tugtha in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh – dá ngairtear Mo Chara – ball den ghrúpa rapcheoil Kneecap as Béal Feirste a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.

Tá Mo Chara cúisithe i mbratach a bhain leis an eagraíocht Hezbollah a nochtadh ag ceolchoirm san O2 Forum in Kentish Town i dtuaisceart Londan ar an 21 Samhain anuraidh agus sa mhana "Hamas Abú! Hezbollah Abú!" a fhógairt.

Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den chúirt ar maidin inniu lena dtacaíocht a léiriú dó agus tógadh gáir mholta nuair a tháinig sé amach as an ghluaisteán a thug chun na cúirte in Westminster é.

Ina bhail, bhí beirt bhall eile an ghrúpa, JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí) agus Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap).

Bhí an t-ateangaire Gaeilge Susan Folan sa chúirt in éineacht le Liam Óg Ó hAnnaidh agus shuigh sé lena taobh le linn na héisteachta.

Bhí seirbhís ateangaireachta iarrtha aige agus cheadaigh an chúirt an t-iarratas sin.

Tá dlíodóirí Liam Óig Uí Annaidh ag iarraidh ar an chúirt an cás a chaitheamh amach ar an mbonn go ndearnadh earráid theicniúil sa phróiseas dlíthiúil, dar leo.

Dúirt an t-abhcóide cosanta Brenda Campbell nach raibh cead tugtha ag Ard-Aighne Shasana an cás a thabhairt in aghaidh a cliaint nuair a chuir na póilíní in iúl dó trí mhí ó shin go rabhthas leis an dlí a chur air.

Os a choinne sin, mhaígh an t-ionchúisitheoir Michael Bisgrove nach raibh cead an Ard-Aighne de dhíth go dtí go dtabharfaí an cúisí os comhair cúirte.

Chuir an Breitheamh Paul Goldspring an cás siar go dtí an 26 Meán Fómhair, tráth a d'fhógródh sé, arsa sé, an raibh sé d'údarás aige an cás a éisteacht nó nach raibh.

Scaoileadh saor ar bannaí gan choinníoll Liam Óg Ó hAnnaidh idir dhá linn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ