skip to main content

Ceannasaíocht na hEaglaise Preispitéirí cáinte go láidir i dtuairisc

Tuairisc faoin Eaglais Phreispitéireach in Éirinn curtha chuig rialálaithe carthanas
Tuairisc faoin Eaglais Phreispitéireach in Éirinn curtha chuig rialálaithe carthanas

Léirítear imní mhór faoi chúrsaí smachta agus rialachais san Eaglais Phreispitéireach in Éirinn i dtuairisc atá feicthe ag RTÉ.

Cáintear go láidir sa tuairisc cur chuige na hEaglaise Preispitéirí i dtaca leis na ceisteanna sin agus tuilleadh.

Tarraingítear aird go háirithe sa tuairisc ar an vóta a caitheadh in 2018 gan rannpháirtíocht iomlán san Eaglais a cheadú do lánúineacha comhghnéis agus a gclann.

D'éirigh go leor daoine as an Eaglais Phreispitéireach mar gheall ar an vóta sin ag an am agus cuireadh éadulaingt agus tiarnúlacht i leith lucht ceannais.

Líomhnaítear sa tuairisc go bhfuil oifigigh shinsearacha ag déanamh bulaíocht agus imeaglú ar dhaoine eile san Eaglais agus go bhfuil siad ag baint mí-úsáid as an gcumhacht atá acu.

Cuireadh smacht ar mhinistrí agus ar sheanóirí san Eaglais de bhrí go raibh malairt tuairime acu, a deirtear.

Maítear sa tuairisc freisin nach bhfuil an Eaglais ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí mar charthanas atá cláraithe ar dhá thaobh na teorann.

Tá an tuairisc curtha faoi bhráid na rialálaithe carthanas sa Tuaisceart agus sa Phoblacht araon.

Iarcheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta sa Tuaisceart, John Alderdice, is é a chuir an tuairisc i dtoll a chéile.

Seanóir san Eaglais Phreispitéireach ab ea John Alderdice ach d'éirigh sé as in 2018 i bhfianaise na conspóide faoi lánúineacha comhghnéis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ