Tá Aontas Cógaiseoirí na hÉireann ag moladh go láidir do dhaoine gan cógas arlíne gan deimhniú a cheannacht.
Deir Aontas na gCógaiseoirí gur mór an chontúirt do shláinte an duine cógais bhréige.
Deir Uachtarán an Aontais Tom Murray gur "údar ar leith imní" cógas atá á dhíol ar shuíomh idirlíon gan aon deimhniú mar nach eol don té atá á cheannacht céard go díreach atá ann.
Tá suíomhanna freisin a deir Tom Murray ag foilsiú eolais agus comhairle atá míchruinn.
Deir sé go bhfuil "drugaí gan faic iontu" á ndíol agus drugaí eile ina bhfuil "comhábhair atá nimhiúil".
Leaganacha bréige de na drugaí Botox agus na cógais ró-mheáchain agus diaibéitis Ozempic agus Mounjaro is mó atá á n-éileamh ag custaiméirí ar an idirlíon.
Gabhadh 1,700 aonad Botox anuraidh a deir an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte.

Léiríonn taighde ón Údarás Rialála go raibh 14% d'ardú anuraidh ar an lear cógais mhídhleathúla a gabhadh, agus beagnach milliún aonad cógais sa n-iomlán gafa.
Bhí ardú suntasach ar tháirgí GLP-1, cógais don diaibéiteas agus don raimhreacht.
Gabhadh 1,582 aonad díobh sin anuraidh le hais 568 aonad i 2023 agus 40 aonad i 2022.
Tá tóir ag méadú ar an margadh dubh do na cógais sin agus iad á ndíol mar a bheadh cógais cosúil le Ozempic agus cógais eile don ró-mheáchan.