Tá iriseoir aitheanta de chuid Al Jazeera, a raibh Iosrael tar éis bagairtí a dhéanamh air, chomh maith le iriseoirí eile maraithe in ionsaí ón aer a rinne Arm Iosrael ar an bpuball ina raibh siad ina gcónaí taobh amuigh de phríomhgheata Ospidéal Al-Shifa i gCathair Ghaza.
Maraíodh beirt eile freisin, seachtar san iomlán, san ionsaí agus scriosadh an bealach isteach chuig aonad éigeandála an ospidéil.
Ar Anas al-Sharif, 28, a bhí an aithne ba mhó agus é ag tuairisciú go laethúil don chraoltóir as an taobh ó thuaidh de Ghaza, fiú sular thosaigh an chogaíocht is deirní 22 mí ó shin, tráth gur chuir Rialtas Iosrael cosc iomlán ar iriseoirí ón iasacht sa limistéar faoi léigear.
I measc na marbh tá an tuairisceoir Mohammed Qreiqeh agus na ceamaradóirí Ibrahim Zaher, Mohammed Noufal agus Moamen Aliwa, ceathrar a bhíodh ag obair le Al Jazeera, agus an saor-iriseoir Mohammad Al-Khaldi.
Tá sé admhaithe ó shin ag Arm Iosrael go ndeachaigh siad sa tóir ar dhuine de bheirt thuairisceoiri Al Jazeera, Anas al-Sharif, mar gheall a deir siad go raibh sé "i gceannas ar chill de chuid Hamas" agus go mbíodh sé "ag stiúradh ionsaithe roicéad ar shibhialtaigh agus ar shaighdiúirí de chuid Iosrael."
Rinne Rialtas Iosrael an líomhain ina aghaidh ar dtús beagnach bliain ó shin, agus bhí sé séanta go láidir ag an iriseoir féin agus ag an stáisiún teilifíse.
Coicís ó shin dúirt urlabhraí an Airm Avichay Adraee arís gur ceannasaí de chuid Hamas a bhí ann.
Tá os cionn 200 iriseoir maraithe ag Arm Iosrael ó mhí Dheireadh Fómhair 2023 ach is é seo an chéad chás inar ghlac siad freagracht as an marú.
"Feallmharú spriocdhírithe" a thug Al Jazeera air agus chuir an craoltóir i leith Rialtas Iosrael go raibh siad i mbun saighdeadh ar bhonn líomhain gan aon bhunús.

Tá an Coiste Idirnáisiúnta um Chosaint Iriseoirí tar éis a rá go bhfuil "uafás" orthu faoi mharú an chúigear iriseoirí.
Deir Sara Qudah, Stiúrthóir Réigiúnda an Choiste, go bhfuil "pátrún" léirithe ag Iosrael "ag brandáil iriseoirí ina míleataigh gan fhianaise inchreidte, rud a chaitheann amhras faoin meas atá ag Iosrael ar shaoirse na meán.
"Sibhialtaigh iad iriseoirí. Níor chóir choíche d'Arm díriú orthu."
An tseachtain seo caite a d'fhógair an Príomhaire Netanyahu go raibh ordú tugtha ag an Rialtas atá aige don Arm treisiú ar an gcogaíocht ar mhaithe le seilbh go fairsing a ghlacadh ar Ghaza agus le Hamas a chur go hiomlán ó mhaith.
Agus srian iomlán curtha ag Iosrael ar na meáin dhomhanda i nGaza táthar i dtuilleamaí thuairisceoirí de chuid na Palaistíne féin le léargas a thabhairt don saol mór ar an 2 mhilliún duine atá anois i mbaol ag an gorta.