Dúirt an Tánaiste,Simon Harris gur olc an mhaise d'Iosrael iarracht a dhéanamh seilbh mhíleata a ghlacadh ar chathair Gaza.
Dúirt sé freisin go n-achtófar Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil a bheidh os comhair thithe an Oireachtais sa bhFómhar.
Má achtaítear an bille, beidh baghcat i bhfeidhm sa tír seo ar earraí óna stráicí Pailistíneacha atá faoi cheannas Iosrael agus is cion a bheidh ann faoi Acht na gCustam d'aon ghnólacht nó comhlacht anseo an baghcat a shárú.
Tá an bille ag cothú míshocrachta i dTeach na Comhdhála i Meiriceá faoi láthair.
Shínigh 16 comhalta den teach sin litir a cuireadh faoi bhráid Stát Rúnaí na Roinne Airgeadais thall ansin inar léiríodh míshástacht faoin mbille.
D'iarr siad ar an státchiste ansin na himpleachtaí uilig maidir leis an mbille seo a scrúdú ó thaobh an dlí sna Stáit Aontaithe dhe agus Éirinn a chur ar an liosta céanna le tíortha eile a dhéanann baghcat ar earraí ó Iosrael.
Dá réir, d'fhéadfadh sé go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm ar an tír seo.
Tá sé ráite inniu ag Sinn Féin gur cheart don Rialtas ceannasaíocht a léiriú tré chinntiú go n-achtaítear an bille.
Deir an páirtí go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh go ndéanfaí a léithid i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Gaza.
Tiocfaidh an bille os comhair na Dála agus an tSeanaid go luath sa bhFómhar.