Déanfar comóradh oifigiúil Stáit ar shaol agus ar oidhreacht Dhónaill Uí Chonaill i nDoire Fhíonáin i gCo Chiarraí inniu, 250 bliain cothrom an lae ó rugadh 'An Fuascailteoir' – nó 'An Saoirseoir' mar a tugadh air i nGaeilge lena linn agus ina dhiaidh sin.
Bhí agus tá cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Dhónall Ó Conaill as an ndearna sé chun Caitlicigh na hÉireann a fhuascailt ó Phéindlíthe na nGall, fál go haer a sháraigh sé lena shárchumas intleachta.
Polaitíocht pharlaiminteach agus dílseacht fhormhór mór an phobail don chúis na hairm ba mhó ar bhain sé leas astu leis an gcuspóir mór úd a bhaint amach, seachas airm thine nó píce.
Dlíodóir ab ea an Conallach a raibh an-uchtach cainte aige. D'eagraíodh sé cruinnithe ollmhóra oscailte ar fud na hÉireann agus d'fhágadh sé na mílte duine a bhíodh i láthair acu faoi gheasa ag na hóráidí meanmnacha corraitheacha a thugadh sé.
Ghéill Rialtas na Breataine do thoil na coitiantachta agus don údarás neamhfhoirimiúil a bhí tugtha ag an gConallach dóibh nuair a ritheadh an tAcht um Fhaoiseamh do Chaitlicigh in 1829.
Faoin acht úd, tugadh cead d'fhir Chaitliceacha a bhí i dteideal vóta a chaitheamh dul isteach i bParlaimint na Breataine agus post a fháil i státseirbhís na Breataine.
Fuair Dónall Ó Conaill bás in Genova san Iodáil ar an 15 Bealtaine 1847 agus tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.
Cé gur chainteoir dúchais Gaeilge an Conallach, fearacht go leor eile ag am ba creideamh seachas teanga bunchloch a náisiúnachais. Thug sé le fios go deimhin nár údar caointe aige meath na Gaeilge.
Beidh an comóradh Stáit ar siúl i dTeach Dhoire Fhíonáin, príomháit chónaithe an Chonallaigh agus maoin stairiúil atá faoi bhainistíocht Oifig na nOibreacha Poiblí anois.
Comóradh cultúrtha a bheas ann a mbeidh an pobal agus feidhmeannaigh Stáit araon rannpháirteach ann, an Taoiseach ina measc.
Craolfar beo an comóradh ar Chainéal Nuachta RTÉ agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain leis ar Sheinnteoir RTÉ.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ