Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, gur labhair sé aréir le hAire Gnóthaí Eachtracha Háítí faoi chás Gena Heraty, an bhean as Co Mhaigh Eo a fuadaíodh ó dhílleachtlann sa tír sin le gairid agus nach bhfuil aon tuairisc uirthi fós.
I ráiteas, thug Simon Harris le fios go raibh "dianiarrachtaí ar bun" le go bhféachfaí le Gena Heraty a scaoileadh saor.
Dúirt sé gur iarr sé ar Aire Gnóthaí Eachtracha Háítí, Jean-Victor Harvel Jean-Baptiste, gach rud dar fhéad sé a dhéanamh ar son na mná.
Tá Gena Heraty, arb as Cathair na Mart í, ar dhuine d'ochtar a fuadaíodh ó dhílleachtlann L'orphelinat Sainte-Hélène i mbaile Kenscoff atá deich gciliméadar soir ó dheas ó phríomhchathair Háití, Port-au-Prince.
Is í Gena Heraty stiúrthóir na dílleachtlainne agus tá sí ag obair i Háítí le blianta fada.
Is leis an gcarthanas Nos Petits Frères et Sœurs an dílleachtlann agus tuigtear gur baill foirne agus leanbh trí bliana d'aois atá sa seachtar eile a fuadaíodh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ