Tá an scannánóir aitheanta George Morrison tar éis bháis. 102 bliain d'aois a bhí sé agus d'éag sé i dteach altranais i mBaile Átha Cliath ar an deireadh seachtaine.
Is é George Morrison a stiúraigh an scannán staire Mise Éire a chuir Gael Linn amach i 1959 agus ar chum Seán Ó Riada an fuaimrian ceoil lena aghaidh.
Is é a stiúraigh freisin an dá scannán Saoirse agus Rebellion a tháinig sna sála ar Mise Éire i 1961 agus 1963 faoi seach.
Breathnaítear ar na trí scannán úd mar shaothair den chéad scoth.
Moltar go hard freisin dhá scannán eile leis, mar atá, These Stones Remain (1971) agus Two Thousand Miles of Peril (1972).
I dTrá Mhór i gCo Phort Láirge i 1922 a rugadh George Morrison agus ní raibh sé ach scór bliain d'aois nuair a d'fhéach sé le leagan de Dracula a léiriú don scáileán.
Ní raibh sé in ann a chríochnú, ámh, mar go raibh ábhar scannánaíochta gann ag an am sin de bhíthin an chogaidh.
Níor mhairg ar bith aige an tuisliú beag sin agus chuir sé tús ceart lena ghairm i 1946 nuair a thosaigh sé ag obair do Mhicheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards mar leas-stiúrthóir agus eagarthóir.
Dublin Day (2007) an saothar deiridh uaidh, scannán faisnéise faoi Bhaile Átha Cliath le linn James Joyce agus sa mhílaois nua araon.
Toghadh George Morrison ina Shaoi Aosdána in 2017, tráth a bhronn Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins torc óir na heagraíochta sin air.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ