Tá bean as Éirinn ar dhuine d'ochtar a fuadaíodh ó dhílleachtlann i Háítí.
Sin í Gena Heraty, as Cathair na Mart i gCo Mhaigh Eo, stiúrthóir na dílleachtlainne L'orphelinat Sainte-Hélène i mbaile Kenscoff atá deich gciliméadar soir ó dheas ón bpríomhchathair Port-au-Prince.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go ndéanfaí gach a bhféadfaí lena fuascailt.
Thug sé le fios gur labhair sé le teaghlach na mná agus dúirt go raibh an-imní orthu faoin scéal.
Níos túisce inniu, dúirt urlabhraí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha gurbh "fheasach dóibh an cás agus go raibh cúnamh consalach á chur ar fáil acu".
Is leis an gcarthanas Nos Petits Frères et Sœurs an dílleachtlann agus tuigtear gur baill foirne agus leanbh trí bliana d'aois atá sa seachtar eile a fuadaíodh.
Thug urlabhraí ón gcatharnas in Éirinn le fios gur scéal íogair atá ann agus d'iarr siad ar dhaoine a bheith foighneach a fhad is atáthar ag dul i ngleic leis.
Tuigtear go bhfuil Gena Heraty i lár na gcaogaidí go bhfuil sí ag obair i Háítí le blianta fada.
Tá an saol an-chorrach i Háítí faoi láthair agus tá cuid mhór den tír faoina smacht ag dronga armtha éagsúla, coirpigh nach bhfuil aon pholaitíocht acu ach atá ag tochras ar a gceirtlín féin.
Is beag an t-am agus an áit atá ann don pholaitíocht ar aon chor agus gan ag formhór an phobail ach ón lámh go dtí an béal idir dhá cheann an lae.
Measann na Náisiúin Aontaithe gur dúnmharaíodh 3,141 duine ar a laghad i Háítí ó thús na bliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ