Adhlacadh inniu ina bhaile dúchais an craoltóir aitheanta as Muineachán, Seán Rocks, a fuair bás gan choinne an tseachtain seo caite in aois a cheithre bliana agus trí scór.
I láthair ag an Aifreann Éagnairce in Ardeaglais Mhic Cairthinn, bhí Uachtarán na hÉireann Micheal D Higgins agus a bhean chéile Sabina chomh maith le aide-de-camp an Taoisigh Micheál Martin, an Ceannasaí Joseph Glennon.
Príomhcheiliúraí an Aifrinn, ba é sin sagart paróiste Bhéal Átha Beithe, an Canónach Patrick McGinn, ar cara é le muintir Rocks.
Dúradh san aitheasc gur dhuine é Seán Rocks "a bhain an-leas go deo as a chuid buanna i ngach gné dá shaol". Duine ab ea é a raibh "tréithe fónta" ann, a dúradh.

Mar láithreoir an chláir ealaíon agus cultúir Arena ar RTÉ Raidió 1 a bhí cáil thar aon ní eile ar Mhac Concharraige, a raibh log don Ghaeilge ina chroí aige freisin.
D'éag Seán Rocks in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite.
Maireann a bhean chéile Catherine agus a bheirt mhac Morgan agus Christian.
Cuireadh Seán Rocks i gcré na cille i Reilig Leacht Lorcáin i ndiaidh Aifreann na sochraide.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ