Tá cáineadh láidir déanta ar Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump i ndiaidh dó ceannasaí an Bhiúró Staitisticí Saothair,Erika McEntarfer a bhriseadh as a post.
Léirigh sonraí a chuir sí ar fáil nach raibh an fás i dtaca le fostaíocht i mí Iúil chomh láidir agus a bhíothas ag súil leis agus go raibh líon na bpostanna a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe do Bhealtaine agus Meitheamh an-íseal.
Maíonn an tUachtarán Trump gur athraigh sí na figiúirí fostaíochta agus chuir droch-chuma orthu ar chiúinsí polaitiúla agus ar mhaithe le droch-cháil a tharraingt air féin.
Deir eacnamaithe áirithe sna Stáit Aontaithe áfach nach cúnamh ar bith don fhostaíocht ansin faoi láthair na polasaithe trádála agus inimirce atá i bhfeidhm ag réamas an Uachtaráin Trump.
Ba é an t-iar Uachtarán Joe Biden a cheap Erika McEntarfer sa bpost i 2023.