skip to main content

Cleití, hataí agus gúnaí gleoite ag Lá na mBan ag Rásaí na Gaillimhe

Megan Cunniss as Gaillimh (sa ghúna dubh is bán) - buaiteoir an chomórtais don bhean is fearr gléasta ag Rásaí na Gaillimhe inniu.
Megan Cunniss as Gaillimh (sa ghúna dubh is bán) - buaiteoir an chomórtais don bhean is fearr gléasta ag Rásaí na Gaillimhe inniu.

Sorcha Ní Mhonacháin

Tharraing an dearthóir éadaí, Paul Costello cáineadh géar air féin thart ar chúig bliana is fiche ó shin nuair a dúirt sé nach raibh ciall ar bith de stíl ag mná na hÉireann agus mhaígh sé 'nach n-aithneodh siad stíl dá dtiocfadh sí de thuisle chucu i sáltaí 10 n-orlaigh'!

Bhuel is cinnte go gcuirfí an Coisdeallach ina thost dá bhfeicfeadh sé an stíl ag Rásaí na Gaillimhe inniu"

Ba inniu an ceathrú lá den fhéile rásaíochta - lá Chliathrása na Gaillimhe - ach níos tábhachtaí b'fhéidir, Lá na mBan.

Tá cáil ar Lá na mBan i mBaile an Bhriotaigh mar gur anseo atá ceann de na duaischistí is mó don chomórtas is fearr gléasta i measc ráschúrsaí uilig na tíre.

€13,000 san iomlán a bhí le buachan inniu ag na mná idir an feisteas iomlán is fearr agus an hata is fearr.

Provided by Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht
Sinéad Ryan as Cill Íomair Uí Dhálaigh, Cara Meehan as Creachmhaoil agus Kate Brennan as Cheltenham ag Lá na mBan le linn Rásaí na Gaillimhe. Is ón chomhlacht 'Complete Look' a bhunaigh Cara Meehan na feistis a bhí á gcaitheamh acu.

Is í Megan Cunniss, atá ina rúnaí leighis in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe a thug an svae léi sa chomórtas don chóiriú is fearr.

€10,000 in airgead a fuair sí dá gúna dubh is bán a dhear sí féin agus a fuair sí déanta sa Fhrainc. Taitníonn stíl shimplí a bhfuil buaine ann le Megan, ach chuir sí cnaipí siméadracha éagothroma agus beilt chaol dhubh leis an ghúna lena dhéanamh níos comhaimseartha. Is í 'Millenary by Mairéad' a rinne a hata dubh is bán agus chuir sí féin 'an ribín dubh leis go deireanach aréir', a dúirt sí.

Provided by Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht
Buaiteoir an chomórtais don hata is fearr, Breda Butler as Durlas Éile (sa hata gorm) lena cairde ag Rásaí na Gaillimhe.

Bhí buaiteoir chomórtas an hata is deise, Breda Butler as Durlas Éile, ag caint le Nuacht go luath ar maidin nuair a bhí an bháisteach ag bagairt roicní a chur sna gúnaí deasa uilig. Bhí súil aici go scaipfeadh na scamaill agus go scallfadh an ghrian ar ball. Is ón dearthóir Sharon Hoey i mBaile Átha Cliath a cheannaigh sise a gúna de ghorm ríoga - sórt de cheiliúradh ar a contae dúchais Tiobrád Árann a bhí ann a dúirt sí!

Fuair sí a hata a raibh bandaí gorma agus cleití liathghorma ann, déanta i dTuaim ag an dearthóir Michelle Kearns. Dearadh de chuid Cult Gai a bhí ina mála láimhe. Go mall aréir - "an-déanach aréir" a tháinig mo bhróga" a dúirt Breda le Nuacht RTÉ.

Provided by Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht
Cúigear déag a bhaint an babhta ceannais amach i gcomórtas an fheistis is fearr

Is léir go mbíonn obair agus brú mór ag baint le réiteach don lá mór seo - ba chosúil go raibh cuid de na mná ina suí le maidneachan á bhfeistiú féin.

Provided by Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht
Claire Kelly-Badger as Gaillimh, Susan Harte as Baile an Bhriotaigh agus Londan, agus Orla Comerford as Gaillimh agus Dubai ag Lá na mBan. Is í Claire Kelly-Badger a dhear na hataí a bhí á gcaitheamh acu.

Ach sa deireadh níor roghnaíodh ach cúigear déag de mhná as an iomlán le dhul ar stáitse sular fógraíodh an buaiteoir.

Ba iad an comhlacht táirgí cúraim craicinn Ella & Jo a rinne urraíocht ar an duaischiste inniu.