Dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins go raibh crann taca na n-ealaíon agus na héigse in Éirinn caillte.
Bhí sé ag tagairt don chaoltóir de chuid RTÉ,Seán Rocks, atá tar éis bháis.
Tá aos dána na tíre ag léiriú omós do láithreoir an chláir raidió 'Arena' ó mhaidin.
64 bliain d'aois a bhí Seán Rocks agus ba go tobann inné a cailleadh é.
Ba Dé hAoine seo caite go deiridh a bhí sé ag craoladh go poiblí.
Ó bhaile Mhuineachán ó dhúchas, chuir an pobal aithne mhór ar Sheán Rocks a bhuíochas don chlár ealaíona,'Arena' a láithrigh sé i rith na seachtaine ar RTÉ Raidió 1 ó 2009.
Bhí sé ina láithreoir ar chláracha RTÉ Lyric FM roimhe sin agus ba mhinic é i láthair ag ócáidí stáit mar chuid dá chuid oibre.
Chaith sé tréimhsí ag aisteoireacht agus ag múinteoireacht freisin i rith a shaoil.

Níorbh annamh é ar stáitse in Amharclann na Mainistreach agus in Amharclann an Gheata i measc eile, ach bhíodh sé os cionn a bhuille leis ar an scaileán idir bheag agus mhór, rólanna aige i leithéidí 'The Bill', 'Fair City' agus 'Glenroe'.
Gaeilgeoir ab ea é agus léirigh sé a mheas go minic don teanga ina chuid craoltóireachta.
'Bhí cion fir déanta aige chun cur le tuiscint an phobail ar an taibhléiriú den uile shórt'.
Ba í sin an teistiméaracht a bhí ag an Taoiseach Micheál Martin air.
'Fear clainne, pearsa ildánach, agus craoltóir cumasach a bhí bródúil as na healaíona in Éirinn agus as a dhúchas'.
Sin mar a chuir an tAire Cultúir Patrick O'Donovan síos ar Sheán Rocks inniu.
Dúirt Ardstiúrthóir RTÉ, Kevin Backhurst go raibh ceann de na guthanna ab eolgaisí agus ba thréithiúla sa saol Fódlach imithe uainn.
Maireann a bhean Catherine agus a bheirt mhac, Morgan agus Christian.