Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe go bhfuil Gaza i riocht gorta, tráth a bhfuil sé ráite ag an roinn sláinte sa dúiche go bhfuil líon na marbh bailithe thar 60,000 duine tar éis beagnach 22 mhí de chogaíocht.
Ní chuirtear daoine a fhaigheann bás den ocras san áireamh san fhigiúr seo de chuid na roinne sláinte i gcríocha seo na Palaistíne, críocha atá i ngleic leis an anás agus leis an anró, go háirithe ó chuir Iosrael bac iomlán ar chabhair dhaonnúil a dhul isteach iontu ó Mhárta go Bealtaine.
Chuir Iosrael tús an tseachtain seo le sos laethúil sa chogaíocht agus d'oscail bealaí slána d’fhonn go mbeadh na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile ábalta ar bhia a dháileadh i sráideanna léirscriosta Gaza. Tá na céadta trucail a bhfuil bia agus soláthairtí eile orthu ag déanamh a mbealaigh isteach san áit anois.
Ach níor tháinig aon staonadh ar ruathair Iosrael de dhroim oíche agus maraíodh 30 duine i gcampa teifeach Nuseirat aréir, dar le háisíneacht cosanta sibhialta Gaza. Tá saineolaithe ag tabhairt rabhadh go bhfuil tubaiste dhaonnúil as cuimse anois ag bagairt.

"Tá an cás is measa – an gorta – ag titim amach anois i Stráice Gaza" de réir an IPC, comhghuaillíocht ar leag na Náisiún Aontaithe de chúram orthu monatóireacht a dhéanamh agus rabhadh a thabhairt maidir le géarchéimeanna atá ar tí tarlú.
Rinne an Stiúrthóir um Éigeandálaí leis an gClár Domhanda Bia, Ross Smith, rinne sé an cás a chur i gcomparáid le cuid de na gortaí is measa a chonacthas sa 20ú haois.
"Ní fhacamar a leithéid ó chasadh an chéid. Cuireann sé tubaistí a thit amach roimhe seo san Aetóip agus i mBiafra i gcuimhne dúinn," a dúirt Smith.
"Tá gníomhú práinneach ag teastáil anois."
Ach tá an t-am ag éirí gann, a dúirt an áisíneacht.
"Ní mór dúinn sruth mór bia a chur isteach go Gaza ar scála mór, gan mhoill gan bhac, agus gan staonadh a dhul ar an sruth sin agus é ag rith gach lá, nó beidh an t-ocras i ndán do na sluaite."
I ráiteas uathu a eisíodh roimh thuairisc an IPC, dúirt oifig Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go raibh na figiúirí maidir le líon na marbh curtha as a riocht ag Hamas agus chuir siad i leith an ghrúpa go raibh siad ag creachadh an bhia a bhí le tabhairt do shibhialtaigh.
Chomh déanach leis an Domhnach seo caite bhí Netanyahu á shéanadh go raibh an gorta i réim in Gaza, ach fiú anois tá comhghuaillí dlúth Iosrael, Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, tá sé siúd á rá go bhfuil an chuma air go bhfuil an gorta ann dáiríre.