skip to main content

Leas-Choimisinéir Justin Kelly ina Choimisinéir nua ar na Gardaí

Justin Kelly in his garda uniform with the symbol of An Garda Síochána in the back
Tá 30 bliain caite ag Justin Kelly leis na Gardaí ag céimeanna difriúla

Tá Leas-Choimisinéir reatha an Gharda Síochána, Justin Kelly, ceaptha ag an rialtas ina Choimisinéir nua ar an bhfórsa.

Tá sé le teacht i gcomharba ar Drew Harris. Bhí Drew Harris ina chéad choimisinéir riamh ar na Gardaí a ceapadh gan seal a bheith caite aige sa bhfórsa. Sular ceapadh Drew Harris ina Choimisinéir ar an nGarda Síochána, bhí sé ina Leas-Choimisinéir ar an PSNI i dTuaisceart Éireann. Tá sé le dul ar scor ar 1 Meán Fómhair.

Tá 30 bliain caite ag Justin Kelly leis an nGarda Síochána ag céimeanna difiriúla agus ceapadh é ina Leas-Choimisinéir Slándála, Straitéise agus Rialachais anuraidh.

Bhí Drew Harris ina Leas-Choimisinéir leis an PSNI sular ceapadh é ina
Choimisinéir ar an nGarda Síochána

Roimhe sin, bhí sé ina Choimisinéir Cúnta agus bhí coiriúlacht eagraithe, drugaí, cibirchoiriúlacht, coiriúlacht eacnamaíoch, inimirce agus coireanna i gcoinne daoine leochailleacha faoina chúram.

Chaith sé am freisin in aonad frithsceimhlitheoireachta na nGardaí, in aonad na mbleachtairí speisialta agus ba shairsint agus bleachtaire é i gCluain Dolcáin, i mBaile Bhlainséir agus i dTamhlacht.

Tá céim aige ó UCD, Máistreacht i Riarachán Gnó ó UCD agus dhá mháistreacht eile ar chúrsaí coiriúla. Rinne sé cúrsa sa Ríocht Aontaithe freisin maidir le poilíneacht stráitéiseach.

D'oibrigh sé ar iasacht chomh maith leis na Náisiún Aontaithe sa Bhoisnia/Heirseagaivéin i 2021 i ról comhairleoireachta maidir le forbairt fhórsa poilíneachta na tíre sin. Chuir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána fáilte roimh an gceapachán inniu ach i ráiteas, thug siad le fios go bhfuil fadhbanna meanman agus dúshláin mhóra eile fós le sárú sa bhfórsa.

Deir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána go mbeidh
go leor dúshlán le sárú ag an gCoimisinéir nua, go háirithe ó
thaobh earcaíocht agus coinneála de.

"Le deich mbliana anuas, tá an ghéarchéim earcaíochta agus coinneála ag éirí níos measa", a thug Ard-Rúnaí Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, Ronan Slevin, le fios ina ráiteas inniu.

Deir an tUasal Slevin go bhfuil sé i ndiaidh scríobh chuig Coimisinéir Kelly chun cruinniú a lorg leis leis na dúshláin uilig a phlé.