Bhí níos mó ná 2,700 duine ar fud na hÉireann ag fanacht ar feadh breis agus 28 lá ar ionscópacht phráinneach ar an drólann idir Eanáir agus Bealtaine na bliana seo, dar le figiúirí atá curtha ar fáil do RTÉ ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Is é 28 lá an t-uasthréimhse ama atá molta i gcás ionscópachtaí práinneacha ar an drólann.
Deir Cumann Ailse na hÉireann go bhfuil othair i mbaol dá bharr.
chúram othar a bhfuil ionscópacht phráinneach de dhíth orthu
Bíonn gá le hionscópachtaí práinneacha i gcás othar atá ag cailliúint meáchain nó a bhfuil fuil acu ina bhfaecas.
De réir theoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ba chóir ionscópachtaí a dhéanamh ar na hothair seo laistigh de 28 lá.
Ach léiríonn na figiúirí gur chaith 2,764 duine idir 29 agus 60 lá ag fanacht ar ionscópacht idir Eanáir agus Bealtaine na bliana seo.
3,623 duine a d'fhan ar an tástáil seo ar feadh breis agus 28 lá le linn 2024.
Deir an Gaistreintreolaí Comhairleach ó Ospidéal San Séamus, Finbar MacCarthy go bhfuil sé riachtanach ionscópacht phráinneach a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil siomptóin ar leith acu taobh istigh den achar ama atá molta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann Ailse na hÉireann, Averil Power, gur údar mór imní é seo. "Sa bhliain 2017, níor fhan aon duine níb fhaide ná 28 lá ar an tástáil seo. Ach i mbliana, má leantar leis an treocht seo, faoi dheireadh na bliana, beidh breis agus 28 lá caite ag 6,500 duine ag fanacht ar ionscópacht. Is titim ghéar chun donais é seo ó thaobh chúram othar de."