Tá X, an t-ardán arlíne ar a dtugtaí Twitter, tar éis beartais nua a fhógairt le rialacháin faoi dheimhniú aoise in Éirinn, san AE agus sa mBreatain a shásamh.
Faoin gCód Sábháilteachta ar Líne a tháinig i bhfeidhm sa tír seo seachtain is an lá inniu caithfidh ardáin arlíne ar a scaiptear físeáin agus a cheadaíonn pornagrafaíocht beartais a fheidhmiú le aois duine a dheimhniú.
Ó shin tá an rialálaí Coimisiún na Meán tar éis a rá nach bhfuil tada feicthe acu a léiriónn go bhfuil X ag comhlíonadh an Chóid agus d'iarr siad míniú ar an gcuideachta Dé hAoine seo caite.
Tá an Coimisiún tar éis a thabhairt le fios inniu go bhfuil freagra faighte acu agus go bhfiosróidh siad an sásóidh na beartais atá geallta an Cód, próiseas leanúnach a bhíonn acu le gach ardán a deir siad.
Ar líne tráthnóna deir X go bhfuil sé de dhualgas orthu faoi rialacháin sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus faoi Acht na Seirbhísí Digiteacha san Aontas Eorpach, aois a dheimhniú le cead a thabhairt a theacht ar chineálacha ar leith ábhair.
Deir an chuideachta go mbeidh cur chuige ilchéimneach acu.
Bainfear leas as comharthaí ar nós deimhniú aoise a déanadh cheana, cuntais dheimhnithe ón am a caitheadh agus dátaí gur cruthaíodh cuntais.
Gan comharthaí den chineál sin a deir X beidh siad ag scrúdú nithe ar nós seoltaí rphoist agus nascanna sóisialta le barúil a fháil faoi aois.
Beidh lucht úsáidte freisin inann féinín a uasluchtú chuig na córais éadan-aithint intleacht shaorga atá ag X.
Glacfar freisin le cártaí aitheantais eisithe ag an Stát.
Deir X go mbeidh na beartais á gcur i bhfeidhm as seo go ceann roinnt seachtainí.
Deir siad freisin go mbeidh siad ag "uasdátú a gcuid eolais úsáidte agus stórála" agus go mbeidh srian docht ar sholáthróirí tríú páirtí le príobháideachas agus láimhseáil sonraí a choinneáil slán.