skip to main content

Baol tinnis fógartha - spionáiste & bileoga sailéad á mbaint de na seilfeanna

The Food Safety Authority issued the alert for the products which are being recalled by McCormack Family Farms.
Tá na táirgí á ndíol ag Lidl, Tesco agus SuperValu i measc siopaí eile.

Tá 7 dtáirge spionáiste agus bileoga measctha sailéad aistarraingthe de bharr gur haimsíodh an baictéar Listeria monocytogenes atá in ann dochar a dhéanamh don tsláinte.

An tÚdarás um Shábháilteacht Bia a d'fhógair an fainic ar tháirgí atá á dtarraingt siar ag an gcuideachta McCormack Family Farms.

Is iad an 7 dtáirge:

  • McCormack Family Farms Energise Super Mix, 100g, leis na dátaí ar fearr roimhe 29/07/2025 agus 30/07/2025.
  • McCormack Family Farms Irish Spinach Leaves, 100g, 200g, agus 250g, leis na dátaí 25/07/2025, 26/07/2025, 27/07/2025, 28/07/2025, 29/07/2025, 30/07/2025, 31/07/2025.
  • McCormack Family Farms Mixed Leaves, 75g, leis an dáta 29/07/2025.
  • McCormack Family Farms Baby Leaves, 100g agus 200g, leis na dátaí 25/07/2025, 26/07/2025, 27/07/2025, 28/07/2025, 29/07/2025, 30/07/2025.
  • Tesco Mild Spinach, 350g, leis na dátaí 25/07/2025, 26/07/2025, 27/07/2025, 28/07/2025, 29/07/2025, 30/07/2025, 31/07/2025.
  • Egan's Irish Baby Spinach, 250g, leis na dátaí 23/07/2025, 24/07/2025, 25/07/2025, 26/07/2025, 27/07/2025.
  • SupverValu Spinach (gan iad nite), 250g, leis na dátaí 28/07/2025, 30/07/2025, 31/07/2025
The Food Safety Authority issued the alert for the products which are being recalled by McCormack Family Farms.
Péire de na táirgí atá á n-aistharraingt

Deir an tÚdarás go mbaineann comharthaí sóirt mar a bhíonn leis an bhfliú le tinneas listéire, ar nós múisc agus buinneach.

Ach bíonn sé níos measa ar dhaoine ar leith a deir an tÚdarás - mná atá ag súil, páistí beaga, daoine aosta agus daoine ina bhfuil an córas imdhíonachta lag.

SupverValu Spinach bag, 250g
Ceann de na táirgí atá á n-aistharraingt

Tuairim is 3 seachtainí a mhaireann an tréimhse ghoir (an t-achar ama ó ionfhabhtú go dtagann comharthaí) ach d'fhéadfadh an tréimhse a bheith idir 3 agus 70 lá a deir an tÚdarás Bia.

The Food Safety Authority issued the alert for the products which are being recalled by McCormack Family Farms.
Tá an tÚdarás Sábháilteachta Bia ag iarraidh ar thomhaltóirí a bheith aireach

Iarrtar ar thomhaltóirí gan aon cheann den 7 dtáirge atá léirithe san alt seo a ithe, agus deirtear go bhfuil na táirgí á mbaint as na siopaí agus go bhfuil fógraí á gcrochadh faoin aistarraingt.

Le seachtain anuas cuireadh fainic eile amach faoi 200 béile réamhdhéanta a bhí táirgithe ag Ballymaguire Foods.

Dheimhigh an tÚdarás Sábháilteachta Bia go bhfuil duine amháin básaithe agus naonúr eile tinn le listéire.

Tá an tÚdarás sin agus an Meitheal Srianú Ráige atá ag an HSE i mbun fiosrúcháin.