Tá díomá mhór ar an phobal i bhFánaid i gCo Dhún na nGall go bhfuil an oifig phoist dheireanach sa cheantar sin le dúnadh. Deir clann Mhic Giolla Bháin, a bhfuil an oifig phoist agus siopa acu i mBaile Láir i dtuaisceart Fhánada, nach bhfuil rogha ar bith acu ach dúnadh mar nach bhfuil an gnó inmharthana. Deir An Post go mbeidh siad ag fógairt conradh nua don oifig phoist.
Tá an oifig phoist i mBaile Láir faoi stiúir na máistreás poist, Wendy Mhic Giolla Bháin, agus a fir chéile, Rónán. Tá an gnó ag clann Mhic Giolla Bháin ó bhí 1872 ann agus tá siopa grósaera acu ar an láthair chomh maith.
Deir Wendy nach bhfuil rogha acu ach an gnó a fhágáil mar nach féidir slí bheatha a bhaint as níos mó.

Tá muintir na háite faoi ghruaim ag an deireadh ré. Deir Gráinne Uí Dhubhthaigh, atá ina múinteoir scoile i bhFánaid, go bhfuil an pobal croíbhriste go bhfuil an oifig le dúnadh agus go bhfuiltear ag tarraingt an chroí as an cheantar.
Is cuimhin leis an fheirmeoir áitiúil, Dónal Ó Siadhail, a bheith ag seachadadh bainne chuig seacht gcinn déag de shiopaí sa leithinis - siopa Mhic Giolla Bhain san áireamh - ach nach bhfuil fágtha anois ach trí cinn.
Deir Gráinne Nic Suibhne, as Teach Solais Fhánada go bhfuil siadsan ag brath go mór ar an oifig poist le hearraí a sheoladh chuig custaiméirí a ordaíonn ar líne. Beidh orthu taisteal anois chuig An Cheathrú Caol nó go Carraig Airt atá thart ar chúig chiliméadaír déag as baile.

I ráiteas a chuir An Post ar fáil, deir siad go bhfuil an mháistreas phoist ag fágáil an ghnó agus go bhfuil dhá fhógra déanta ag An Post anois le conraitheoir úr a aimsiú do Bhaile Láir, ach nach bhfuil iarratas ar bith faighte acu. Dá bhrí sin , tá díomá ar An Post go bhfuil seans ann go ndruidfear an oifig san Fhómhar. Deir An Post nach fíor an méid a tuairiscíodh sna meáin áítiúla gur de bharr pholasaithe na heagraíochta ata an conraitheoir reatha ag fágáil. Deir An Post go bhfuil go bhfuil ioncam gach oifige poist bunaithe ar chomh gnóthach is atá an oifig.