Tá sé deimhnithe ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann gur bhásaigh duine fásta leis an ionfhabhtú baictéarach listéaróis agus go bhfuil an galar ar naonúr eile.
Baineann an scéal le béilí réamhdhéanta a rinneadh in ionad an chomhlachta Ballymaguire Foods agus a aisghaireadh inné.
Bhí na béilí sin ar díol in ollmhargaí Aldi, Centra, SuperValu agus Tesco agus i siopaí eile. Faoi na brandaí Tesco Finest, The Happy Pear, SuperValu Signature Taste agus Centra Freshly Prepared a bhí siad á ndíol.
Tá bás an duine a tholg listéaróis á fhiosrú ag an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte, rannóg de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
I ráiteas ón Lárionad Faire, dúradh nach bhféadfaí dada eile a rá faoin té a bhásaigh mar gheall ar rialacha rúndachta leighis.
Galar tromchúiseach is ea listéaróis a dtagann buinneach, masmas agus urlacan ar dhaoine dá bhíthin.
Goilleann sé ar pháistí agus ar mhná atá ag súil le páiste go háirithe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ